Ba mhaith an beart a rinne an tAire Dlí agus Cirt Seán Ó Donnchadha agus
Oireachtas Éireann tré chéile deis a thabhairt don phobal ar an 7 Meitheamh
gach tagairt do phíonós an bháis a ghearradh amach as Bunreacht na hÉireann.
Is fada anois imithe an crochadh féin ach is fearr nach mbeadh aon chineál
stádais aige i mbundlí na 26 Chontae.
Is é Breandán MacGahon, TD de chuid Fine Gael i gContae Lú, an t-aon duine i
dTeach Laighean a sheas go poiblí ar son an phíonóis bháis. Ach bhí an lá
ann nuair a bhíodh beagnach gach polaiticeoir ar son crochadh. Ní fhacthas a
dhath a bheith cearr leis; bhítí ag magadh fúthu siúd a chuireadh ina
choinne go háirithe fúthu siúd a raibh sé de mhisneach acu agóid shíochánta
a dhéanamh taobh amuigh de Phríosún Mountjoy an mhaidin a mbíodh crochadh á
déanamh.
Ar eagla na mí-thuisceana, nílim in aon chor faoi láthair ag trácht ar
phríosúnaigh polaitíochta a crochadh, nó a cuireadh chun báis le piléir, tar
éis triail cúirte míleata. Is faoi ghnáthdhaoine a bhí ciontaithe i marú ag
coistí gnáthchúirteanna atáim ag caint.
Síleadh Seán Mac Giolla Bhríde agus a leithéid, agus ní mórán díobh a bhí
ann, a bheith ait ar fad de bharr iad a bheith chomh mór sin in aghaidh an
phíonóis bháis. Níor cuireadh duine ar bith chun báis le linn do Sheán a
bheith ina Aire idir 1948 agus 1951. Bhí neart údair aige lena bheith in
aghaidh chrochadh agus bású Stáit i gcoitinne.
Tar éis an tsaoil cuireadh a athair, an Mhaor Airm John MacBride, chun báis
tar éis Éirí Amach 1916. Cúirt mhíleata a dhaor chun báis eisean, ar ndóigh.
Ach bhí údar amháin fíor áirithe ag Seán nár thuig gach duine, b'fhéidir.
D'inis sé dom faoi lá i gCaireo, idir dhá chruinniú trom go leor le Airí
rialtais.
Mar abhcóide sna daichidí, sílim, bhí seisean ag cosaint fir as lár tíre a
raibh sé curtha ina leith gur mharaigh sé a bheanchéile. Daoradh an fear
chun báis, agus níor éirigh lena achomharc, agus dhiúltaigh an rialtas a
mholadh don Uachtarán an bhreith bháis a chur i leataobh. Ba é Sáirsint
Gardaí an cheantair inar chónaigh sé is láidre agus is fearr a thug fianaise
ina choinne.
An oíche sular crochadh é chuir sé fios ar Sheán go Mountjoy. Ghabh sé
buíochas leis as a raibh déanta aige ar a shon. Ansin chuaigh an fear bocht
ar a ghlúine agus dúirt sé: 'Táim chun dul i láthair Dé ar maidin amárach.
Táim ag mionnú duit go pearsanta nach mé a mharaigh mo bhean. Mar a dúras
cheana, creidim gurb é an Sáirsint a mharaigh í.'
Níl aon amhras ann anois ach gurbh fhíor sin. Cúrsaí gnéis idir í féin agus
an Sáirsint a chuaigh aimhréiteach, agus faitíos arsean go bpoibleofaí an
scéal, is cosúil a bhí i gceist. Is cuma anois faoi sin. Ach ní cuma faoi
dhuine neamhchiontach a bheith curtha chun báis ag an Stát. Chreid Seán Mac
Giolla Bhríde, agus ba dhuine é a raibh ard-eolas aige ar chúrsaí den
chineál sin, gur cuireadh roinnt mhór daoine chun báis san 19ú agus 20iú
haois in Éirinn de bharr dearmaid dlí, failí, agus droch-intinn, scaití.
Minic go leor, is iad na daoine a dhein an choir a thug an fhianaise a sheol
daoine neamhchiontacha chun na croiche. Nuair a chuimhnítear air, nach ar
Sheisear Birmingham agus ar Cheathrar Guildford a bhí an t-ádh an píonós
báis a bheith críochnaithe i Sasana nuair a frítheadh iadsan ciontach?
Ní tharlóidh sin san 21ú haois, le cúnamh Dé agus dea-mhéin an phobail; tá
an tsibhialtacht ag déanamh roinnt dul chun cinn, go mórmhór san Eoraip. Ní
hionann an scéal, mar is feasach sinn, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus sa
tSín agus i dtíortha éagsúla eile atá chomh fuilteach agus chomh barbartha
is a bhíodar riamh. Cé mhéad daoine neamhchiontacha atá maraithe ag na Stáit
éagsúla sin le scór, leathchéad, agus céad bliain, gan trácht in aon chor
orthu siúd a bhí ciontach sna coireanna a cuireadh ina leith?
Is é Cathal Ó hEochaigh, le linn dó a bheith ina Aire Dlí agus Cirt,
b'fhéidir an tAire Dlí agus is Cirt is fearr dá raibh san Stát, a chuir bac
ar chrochadh. Ní raibh sé éasca sin a dhéanamh; bhí a lán ar a shon, ina
measg mar shampla, Séamus Diolún, ceannaire Fine Gael, a shíl gur mheasa
príosún saoil ná crochadh. Ach bhí síolteagasc tábhachtach i gcoinne an
chrochadh Stáit déanta ag Breandán Ó Beacháin ina dhráma The Quare Fellow.
Chuaigh an dráma sin faoi chrochadh Barney Kirwan a mharaigh a dheartháir
sna daichidí go mór i bhfeidhm ar dhaoine sa tír seo agus sa Bhreatain. Bhí
an-chaint faoi, i gcaoi is go raibh fhios ag daoine nach bhfaca an dráma iad
féin cad faoi a raibh sé.
Bhí an tráth ann nuair ba ghnáth chuid den tsaol an crochadh. Agus ó tharla
go mbíonn poiblíocht sa tír seo ar imeachtaí i Sasana bhí neart cainte faoi
chrochadh sa tír sin. Bhíodh a lán dá gcrochadh sa Bhreatain Mhór; ní móide
go mbíodh aon mhí ann nach mbeadh trácht ar dhuine éigin a bheith dá chur
chun báis.
Is fíorbheag duine a bhíodh ag cur ina aghaidh seo ar fad, cé go mbíodh imní
faoi chúiseanna ar leith in amannaí. Glacadh leis an ceart a bheith ag an
Stát duine a bhí ciontaithe i marú a chur chun báis. Go deimhin féin, scaití
nuair a mholadh an rialtas ar údair éagsúla don Uachtarán an bhreith bháis a
chur i leataobh agus príosún saoil a ghearradh ar an duine ina ionad, ní
bhíodh an pobal sásta.
Sa bhliain 1954 a crochadh an fear deiridh a chuir an Stát seo chun báis go
foirmeálta. Sin le rá gur ar éigean atá mórán faoi aois a 55, nó mar sin, ar
cuimhin leo an crochadóir Sasanach a bheith ag teacht go Baile Átha Cliath
lena gnhó scanraitheach a dhéanamh.
Níor fhostaigh an Stát Éireannach marfóir lán aimseartha dá chuid féin
riamh. Déanadh iarracht sin a dhéanamh sna Fichidí. Bhí fógra sna nuachtáin
thar ceann an rialtais ag lorg crochadóra. Ní raibh aon easpa iarrthóir ann,
ar a laghad sagart amháin ina measc! Ach tar éis an scéal a scrúdú níos
géire, síleadh nach mbeadh dóthain oibre le déanamh go lánaimseartha ag
crochadóir stáit Éireannach, agus cinneadh dul i muinín crochadóirí
gairmiúla Sasanacha a dhéanfadh an obair ar chonradh.
Is cinnte go bhfuil daoine fós ar na hoileáin seo a bheadh ar son crochta,
an cineál céanna duine ar mhian leis go gcuirfí píonós breise ar
phríosúnaigh seachas an pionós a ghearr an chúirt orthu.
Cloistear iad seo ag béicíl scaití faoi phríosúnaigh a bheith ligthe amach
ar chúpla lá saoire de bharr gaoil gairid dóibh a bheith i mbaol báis nó a
leithéid.
Síltear i Sasana dá mbeadh Reifreann ann leis an bpíonós báis a scaoileadh
ar ais go n-éireodh leis. Cá bhfios? Ach is dóigh dá gcuirfí an cheist in
aon tír go gairid tar éis tubaist mhór choiriúil inar maraíodh roinnt daoine
go mbeadh a lán a déarfadh gur gá píonós báis a bheith ann. Nuair a maraíodh
Ambasadóir na Breataine, Christopher Ewart-Biggs, blianta ó shin bhí dream
ag iarraidh go gcrochfaí na marfóirí. Mar a tharla, níor frítheadh greim
riamh orthu.
Mar a gcéanna nuair a maraítear Garda Síochána. Tá seo intuigthe. Is ionann
Garda a ionsaí agus tabhairt faoin bpobal i gcoitinne. Mar ní ar a shon féin
ach thar ceann an phobail a bhíonn Garda Síochána ag feidhmiú. Tuigim go
rímhaith go mbíonn bligeáird i measc na nGardaí mar a bhíonn i measc dreama
ar bith.
Ach níl aon bhaint aige sin leis an scéal. Is uafás ar leith marú Garda agus
é nó í ar diúité. Ach ní údar ar bith sin chun an chroch a thabhairt ar ais.
Ach bíonn i gcónaí ann daoine a shíleann a mhalairt agus in amannaí bíd
glórach.
© Feasta agus na Scríobhneoirí
|