"Chonaic Dia gach a ndeama sé agus féach! bhí sé go sármhaith". (Geineasas 1:31). Creideann Críostaithe gur bronntanas Ó Dhia gach ar chruthaigh sé. Gach ar cruthaíodh -an domhan, daoine, aiteanna, rudaí -is cuid den bhronntanas sin iad seo. Ta sé de dhualgas orainne an bronntanas seo a chosaint agus a chaomhnú. Cuireann an Taoiseach Seattle i gcuimhne duinn "Ní leis na daoine an domhan, is leis an domhan na daoine. Tá an domhan tábhachtach don chruthaitheoir agus ma deintear díobhail don domhan taispéanfar drochmheas dá Chruthaitheoir; Is páirt don domhan sinne agus is páirt duinne an domhan".
BEALAÍ CHUN CABHRÚ LEIS AN dTIMPEALLACHT:
SEOLAÍ ÚSÁIDEACHA
ENFO, Eolas Imshaoil, 17 Sráid Aindrias, Baile Átha Cliath 2.
AnTaisce, Halla an Táiliúir, An Lána Chúl, Baile Átha Cliath 8.
Greenpeace, 44 Sráid an Chnoic Uachtarach, Baile Átha Cliath 2.
Comhairle Crainn na hÉireann, 33 Bóthar na Lus, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9.
Trócaire, 12 Sráid na hEaglaise, Baile Átha Cliath 1.
Concern. Roinn Oideachais. 1 Sráid Camden Uachtarach. Baile Átha Cliath 2.
NAOMH PROINSIAS ASSISI
Rugadh Naomh Proinsias in Assisi san Iodáil. Ba dhaoine saibhre iad a thuismitheoirí ach bhí Proinsias ag iarraidh a bheith chomh bocht le hÍosa. Dá bharr sin, d'fhag Proinsias a chlann agus an saibhreas agus chuaigh sé chun cónaí leis féin sna coillte a bhí timpeall ar Assisi. Chreid Proinsias gur le Dia gach aon ní ar domhan. Dúirt sé gur dearthair leis gach ainmhí beo agus gur deirfiúr leis na realta sa spéir. Thug sé moladh do Dhia i gcóir gach rud timpeall air. Thug sé moladh do Dhia fiú nuair a bhí sé tinn.
Scríobh Naomh Proinsias dán speisialta- "Caintic do mo dhearthair an ghrian" -faoi gach ní a chruthaigh Dia. Chanadh sé é agus é ag siúl sna coillte thart ar Assisi. Nuair a bhí sé ag fáil bháis d'iarr sé ar na manaigh eile é a chanadh dó.
Seo leanas cúpla vearsa ón dán a scríobh Naomh Proinsias. Is féidir leat/libh é a rá mar phaidir, ag moladh gach ní a chruthaigh Dia na G1óire.
Moladh duit, a Thiarna, agus do gach a chruthaigh tú, go háirithe duitse a dheartháir, an ghrian.
Moladh duit, a Thiarna, do mo dheirfiúr, an ghealach agus na réalta ag lonrú sa spéir, go glé, go geal, go hálainn.
Moladh duit, a Thiarna, do mo dheartháir an ghaoth, don aer, don aimsir scamallach nó séimh trína chothaíonn tú na créatúir.
Moladh duit, a Thiarna, do mo dheirfiúr an t-uisce atá umhal, úsáideach, glan agus gleoite...