Cnoc Mhuire
Altóir Na Maighdine
Cnoc Mhuire- An Scéal
In Éirinn téann daoine go Cnoc Mhuire chun onóir a thabhairt
don Mhaighdean Mhuire. Sa bhlian 1879 ní raibh clú ar Chnoc Mhuire-
sráidbhaile beag i gContae Mhaigh Eo. Daoine bochta gan aon scolaíocht a
chónaigh anseo and bhí taithí acu ar ghorta, ar dhíshealbhú agus ar an
ghéarleanúint.
Gnáth lá Samhraidh i gContae Maigh Eo a bhí ann ar an 21ú lá de Lúnasa 1879.
Bhí na daoine ag obair ar an bportach agus sna páirceanna. Bhí an ghrian ag
taithneamh
i rith na maidine. Ag an mheán lae bhí ceobhrán ann ach sa tráthnóna bhí sé
ag stealladh báistí. Fliuchadh an sagart paróiste go craiceann nuair
a bhí sé amuigh. Shuigh sé cois na tine ag triomú a chuid éadaigh. I dteach os
comhair an tséipéil bhí seanbhean, bean Mhic Chathmhaoil, ag comhrá leis an
mbás. Gar léi bhí clann Uí Bheirn ina gcónaí. Go gairid
roimhe seo bhí bean Uí Bheirn agus a hiníon tar éis filleadh ó bheith ar saoire
in aice na farraige.
Go luath tar éis a seacht a chlog sa tráthnóna bhí solas neamhghnách le feiceáil
ar thaobh an tséipéil. Ansin cheap bean go bhfaca sí daoine istigh sa tsolas ach
shíl sí gur dealbha nua don tséipéil a bhí iontu agus níor bhac sí leo a thuilleadh.
Nuair a bhí Máire Ní Bheirn ag siúl thar an séipéil chonaic sí go raibh na
"dealbha" ag gluaiseacht! "Sin an Mhaighdean Bheannaithe" a dúirt sí.
Bhrostaigh Máire chun an bhaile agus ghlaoigh sí ar a clann. Níor chreid a
deartháir, Doiminic, an méid a bhí le rá aici. D'iarr Máire air féachaint chuige é féin.
Lean Doiminic, a mháthair agus cailín óg Máire go dtí an séipéil.
Chonaic siad uile go raibh an ceart ag Máire. Go hiomlán chonaic cúigear
déag an radharc ag binn an tséipéil. Chonaic siad an Mhaighdean Muire ina
seasamh seasca ceintiméadar os cionn na talún. Bhí éadaí bána uirthi agus
iad ceangailte ag a muinéal. Bhí coróin órga ar a cean agus rós os cionn a clár
éadain. Ar thaobh amháin den Mhaighdean bhí Naomh Iósaef ina sheasamh agus
ar an taobh eile di bhí Naomh Eoin, an soiscéalaí, agus leabhair an tsoiscéil
ina láimh aige. Níor labhair éinne de na naoimh. Taobh thiar díobh bhí altóir
le feiceáil. Ar an altóir bhí uan agus crois mhór agus bhí aingil ag
eitilt thart timpeall orthu. Bhog na figiúirí chun tosaigh agus ar ais arís.
Bhí an ghrian ag dul faoi an t-am ar fad ach d'fhan solas geal timpeall
ar na figiúirí. Bhí sé ag stealladh báistí an t-am ar fad, freisin, ach
níor fhliucadh na figiúirí ach oiread. Láimhsigh Bríd Trinse an talamh faoi
na figiúirí agus bhí sé sin tirim freisin.
Seacht seachtaine ina dhiaidh seo chuir ardeaspag Thuama coimisiún
fiosrúcháin ar bun. Cúigear déag a labhair os comhair an choimisiúin agus
ag a dheireadh fuarthas go raibh a bhfianaise "fíreannach agus sásúil".
Sa lá atá inniu ann ta clú agus cáil ar Chnoc Mhuire. Sa bhlian 1974 bheannaigh ardeaspag Thuama
bunchloch do bhaisleach nua in gCnoc Mhuire. Tá áit sa bhaisleach seo do chúig mhíle
dhéag duine. Mórthimpeall na baislice tá tríocha a dó colún- colún do gach
contae sa tír. Tugann na mílte cuairt ar Chnoc Mhuir gach blian chun omós
a thabhairt don Mhaighdean Mhuire.
Teidil Mhuire
Cabhraigh leis na daltaí smaoineamh a dhéanamh ar theidil Mhuire. Cuid
de na teidil is coitianta ná:
Muire, Máthair Íosa, Máthair Dé, An Mhaighdean Bheannaithe,
Banríon na bhflaitheas, srl.
Coróin Mhuire - An Paidrín
Na Rúndiamhra Áthasacha
- Teachtaireacht an Aingil
- Cuairt Mhuire ar Naomh Eilís
- Breith ár d'Tiarna Íosa Críost
- An Toirbhirt sa Teampall
- Íosa i measc máistrí an teampaill
| |
Na Rúndiamhra Brónacha
- Anbhroid Íosa sa gháirdín
- Sciúirseáil Íosa
- Corónú Íosa le deilgne
- Íosa ag iompar na croise
- An Céasadh
|
Na Rúndiamhra Glórmhara
- Aiséirí ár d'Tiarna
- Deasgabháil ár d'Tiarna
- Tuirlingt an Spioraid Naoimh
- Deastógáil na Maighdine Muire
- Corónú Mhuire mar bhanríon na bhflaitheas
|