Welcome
Page
About Us
Schools & Summer
Colleges
What They Say
More Information
|
|
C a d C h u i g e
A n G h a e i l g e ?
Is í
an Ghaeilge an meán is cumhachtaí atá againnchun ár bhféiniúlacht náisiúnta a
chothú agus a fhorbairt. "Without
language only the most unusual historical circumstances suffice to develop a sense of
identity" - An tOllamh J. J. Lee. |
|
I Tá
éileamh ar oideachas agus ar sheirbhísí as Gaeilge ag fás. Ón bpobal féin agus ní
ó cheannairí stáit atá ag t-éileamh seo ag teacht. Creideann siad siúd atá ag
éileamh oideachais agus seirbhisí trí Ghaeilge dóibh féin agus dá sliocht gur
fearrde iad an Ghaeilge a bheith acu, go dtugann sé buntáiste dóibh má theastaíonn
uathu teanga eile a fhoghlaim agus go mbíonn siad bróduíl as an líofacht atá acu ina
dteanga féin. "...it
gives their children something to be proud of because it is native and distingtive to have
Irish. The pride is the weapon to succeed in the world, not in the language itself".
- Nuala Ó Faoláin (Irish Times) |
|
Is í
an Gaeilge an chuid is saibhre d'oidhreacht na tíre seo. Is linn féin í. Beidh ár
scéal féin agus scéal ár gcine ceilte orainn gan í. "I am often asked why I, as a Unionist,
am interested in a language which our family lost three hundread years ago". An
Dr. ChristopherMcGimsey atá ag caint anseo. Faigheann sé freagra ar an gceist i
litir ó O'Boyle a foilsíodh sa bhlian 1882:-
"Are
we to allow that still living language to become alien speech and thought to all the
greatest characters in our history? If we so act we are unworthy of the rich heritage
bequeated to us, incomparable in its value". |
|
I
mbliain seo na síochána in Éirinn tá sé in am dúinn tabhairt faoi Chneasú
Chréachta Críoch. Ceileadh oidhreacht na Gaeilge ar chuid mhaith dinn le fada. Seo é an
t-am chun doirse a oscailt agus fallaí an amhrais a leagadh chun go mbeadh seans againn
go léir an ceangal lenár bpréamhacha a athnuachan. "If Ulster Protestants as diverse as
Charlotte Brooke, William Neilson, William Reeves, Robert McAdam, Henry Montgomery an AE
saw in the language 'a common ground' there is no reason why such an attitude could not be
fostered once more"......Breandán Ó Buachalla. |
|
I
Taispeánann an tOllamh J. J. Lee ina leabhar "Ireland 1912 - 1985" go bhfuil
fianaise láidir ann go gcabhraíonn athnuachan náisiúnta agus meas ar theanga na tíre
le dul chun cinn eacnamaíochta. Luann sé tíortha mar an Danmhairg, an tSualann, an
loruaidh, an Fhionnlann, an Ísiltír - tíortha beaga a bhí dílis dá dteangacha
dúchais. Níorbh aon bhac orthu an teanga dúchais. Is dúshlán dúinn go léir ceist na Gaeilge. Tá
Gaedhealachas Teoranta ag tabhairt aghaidh ar an ndúshlán sin le breis is caoga bliain |
|
C o n t a c t U s
Gaedhealachas Teoranta,
Gleann Maghair,
Corcaigh.
Fón:- (021) 821116
Faics:- (021) 821116
Email:- gaedteo@tinet.ie |