Gaillimh ar son na Timpeallachta Sábháilte . .Dé Máirt, Feabhra 21ú , 2000 Gaillimh ar son na Timpeallachta Sábháilte Áitritheoirí ar son Polasaí Ceart Láimhseáil Dramhaoile Dé Máirt, Feabhra 21ú , 2000 Oll-Chruinniú Poiblí le Bheith Ann - Oíche Dé Luain, 28ú Feabhra, 8.00 i.n. Óstán an Corrib Great Southern, Gaillimh Beidh oll-chruinniú poiblí á eagrú ag Gaillimh ar Son na Timpeallachta in Óstán an Corrib Great Southern i nGaillimh, ar oíche Dé Luain seo chugainn, an 28ú Feabhra, ag tosú ar 8.00 a chlog. Déanfar cur síos ar na dáinséir sláinte a bhaineann le dó brúscar i loiscneoirí, mar atá beartaithe i ndréacht-phlean Connachta don dramhaoil, atá ós comhair an phobail faoi láthair. Cuirfear tús ag an gcruinniú le feachtas mór pobail chun cur in aghaidh an loiscneora, agus chun áiteamh ar an bpobal achainí a chur isteach ag an mBárdas, agus ag an gComhairle Condae, roimh an sprioc dáta, is é sin deireadh Mí Márta seo chugainn. Leagfar amach na firicí a bhaineann le loiscneoirí ag an gcruinniú, go h-áirithe an dochar a dhéanfas sé do shláinte Mhuintir an Iarthar, chomh maith leis an dtionchar a bhféadfadh a bheith ar thionscail na feirmeoireachta, na h-iascaireachta, agus ar an dturasóireacht. Beidh ionadaithe ó Chumann Éireannach na nDochtúirí ar son na Timpeallachta, agus ón ghrúpa taighde ó Loch Garman i láthair chomh maith. Chinn Comhairle Condae Loch Garmáin diúltiú do loiscneoir mór sa chondae sin le deireannaí (ar vóta 19 in aghaidh a 1), agus tá GSE ar áiteamh ar Chomhairleoirí na Gaillimhe droim láimhe a thabhairt dó chomh maith. Confirmation: Conchúr Ó Brádaigh, 087-2830452 Áine Suttle, 091-581047 The Connacht Draft Waste Management Plan will be open for submissions to the public until March 31st. The Galway Local Authorities announced last October that they had selected four sites for the controversial incinerator, three in Castlegar Parish, and one at Galway Docks. Galway for a Safe Environment are asking people to write to their local representatives opposing the proposed incinerator, and to make submissions to the plan.