Spórt
Cé nach bhfuil áiseanna ró-mhaith againn go fóill, imrítear cuid mhór spórt i nGaelscoil Adhamhnáin. Tá muid an-bhuíoch as an urraíocht a thug "Banc Aontas na hÉireann" dúinn, chun éide spórt na scoile a cheannacht. Bíonn rang corpoideachais againn uair sa tseachtain. Imrímid peil Ghaelach, Iomanaíocht, camógaíocht agus sacar. Glacann muid páirt i gcomórtaisí éagsúla mar "Chumann na mBunscoil", agus "Mini-Sevens". Rinne muid go maith i gcomortaisí lúthchleasaíochta agus snámha i mbliana. Glacann gach rang páirt i gceachtanna snámh i rith na scoilbhliana. Bíonn seans ag gach páiste Gaelscoile páirt a ghlacadh i ngné éigin den spórt agus coimeadann sé gnóthach agus slaintiúil iad.