Ár Scéalta

le

Iarscoláirí 2003

 
   
  line 
   
  Am Codlata le Dónal 
  Oíche Dé Luain a bhí ann. Bhí sé a naoi a chlog. Bhí mé féin agus mo chara amuigh i mo ghairdín ag imirt leadóige. Tar éis tamaill tháinig Mamaí amach. "Tar isteach Dónal", a deir sí. Ach níor thaitin liom dul isteach fós.Chuaigh mé i bhfolach taobh thiar de tor. Thosaigh Mamaí ag glaoch orm. Ansin chonaic sí mé taobh thiar de tor. Rug sí orm agus chuamar go léir isteach. Shuigh mé síos sa seomra suí agus d'fhéach mé ar an teilifís ar feadh tamaill. Thug Daidí cúpla briosca agus gloine Coke dom. Fuair mé na héadaí codlata agus chuaigh mé suas go dtí mo sheomra codlata. Shuigh me ar an leaba ar feadh tamaill agus léigh mé mo leabhar. Tar eis tamaill ghlaoigh Mamaí orm. "Oíche mhaith", a deir sí. "Tá sé in am dul a chodladh". Dúirt mé mo phaidreacha agus chuaigh mé a chodladh.  
   
  line 
   
  An Cailín Nua le Sinéad 
  Bhí me i rang a ceathair. Lá amháin tháinig cailín nua go dti an scoil. Shuigh sí in aice liom. "Céard is ainm duit?" arsa mé. "Sophie is ainm dom" , arsa an cailín nua. Ag am lóin chuaigh mé féin agus Sophie amach sa chlós. Thosaíomar ag rasaíocht. Bhí Sophie an-mhaith. Ar a trí a chlog rith mé abhaile. "Ta cara nua agam",a dúirt mé agus bhí mé ag gáire. 
   
  line 
   
  Faoi Uisce le Sinéad M 
  D'éirigh mé go moch maidin amháin. D'fhéach mé amach an fhuinneog. Bhí an áit go léir faoi uisce. Rith mé isteach i seomra mo dheirfiúr. "Deirdre, Deirdre tá an áit go léir faoi uisce" arsa mise. Bhí Deirdre agus mise ag léim le háthas. Ghlaoigh Deirdre ar Mhamaí agus Daidí. "A Mhamaí, A Dhaidí tá an áit go léir faoi uisce". Rith me síos an staighre ar nós na gaoithe. Bhi uisce i ngach áit. Bhí uisce sa chistin, bhí uisce sa seomra suí agus bhí uisce sa halla. Tháinig Mamaí, Daidí agus Deirdre anuas an staighre. Bhí brón ar Mhamaí agus Daidí mar bhí an teach go léir fliuch báite. Ach bhí áthas orm mar bhí an scoil dúnta. Chuir mé mo chóta mór agus bróga arda orm. Chuaigh mé amach ag súgradh san uisce le mo chara Máire. Bhí an-spórt againn. 
   
  line 
   
  Buidéal Briste le Sorcha 
  Maidin amháin dhúisigh mé ar a hocht a chlog. Ghléas mé mé féin. Dith mé mo bhricfeasta. Chuir mé mo lón i mo mhála scoile. Thug Mamaí buidéal oráiste dom. Chuir mé buidéal oráiste sa mhála scoile. Ansin chuaigh mé ag rothaíocht ar scoil. Thit an mála scoile den rothar. Phioc me suas é agus ar aghaidh liom. Nuair a shroich mé an scoil d'oscail mé an mála scoile. Bhí buidéal briste sa mhála scoile. Bhí oráiste ar na leabhair agus ar na cóipleabhair. Bhí oráiste ar na ceapairí. Thóg mé amach na leabhair agus na cóipleabhair agus ghlan mé iad. Thóg mé amach na ceapairí agus chaith mé sa bhosca bruscair iad. Ag am lóin thug mo chara Sinéad cúpla briosca dom agus thug mo chara Laura deoch bhainne dom. Bhí mé sásta ansin. 
   
  line 
   
  take a break  home  our classwork