Poems

Howard Lawn

Other works

Criticisms

Favorite Links

Howard Lawn’s Site

Amhrán na Beatha

Mise duile na dara,
Agus tonnta na trá,
Mise buile na mara,
Agus teilgean an gha.

Mise deoraí na hoíche,
Mise aisling na bé,
Mise saoirse na gaoithe,
Agus doirse an lae.

Mise saighdiúir ag filleadh,
Is a bhean faoina dhéin,
Mise breith an chéad linbh,
Agus uan ag léim.

Mise pléisiúr nó pianta,
Mise buaine crainn,
Mise uain na gcaointe,
Agus aga an ghrinn.

Mise ocras is tart,
Le titim an tseaca,
Mise uair ag dul thart,
Is an bás ina haice.

Mise tosach an deiridh,
Mise conair gan cheann,
Mise samhradh chun geimhridh,
Mise gach a bhfuil ann.

Previous page Next page