|
Ní fhéadfainn dul ar ais le fada, Tá teach mo thuistí ina reic, Ní fhéadfainn athfhéachaint ar dhada, Ar fhaiche tí ‘tá ina feic, Ní aithníonn éinne mise, Labhraím Béarla ‘s mé ansan, Ní bhreathnaíonn aon rud, muise, Ní thaitníonn aon rud liom.
Tagann tocht is mé in Kruger’s, Théinnse ansan le Daid, Tá Kruger imithe le blianta, D’insíodh Harry Lush faoin ‘leaid’, Is cuimhin liomsa Seán a’ Chóta, Ryan’s Daughter – m’aintín Méabh, Bhí mise i m’aisteoir óg, Sa seomra scoile ag an chéibh. Ar an mballa - tráth gan scamall, Grianghrafanna gan buairt, Thug Cine-Bád Bán Daingean tamall, Go Hollywood na Réalt’ ar cuairt.
Chuaigh mé go sliabh an Iolair, Faoina geis, osclaíodh mo chroí, Is ansin a tháinig cuimhní Trí na blianta chú’m ag snoí.. Mam is Daid is mé is Micheál, Ar ár mbealach chun an chuain Sue ag claonadh cluas mo mháthar, Le hinsint di a scéal faoi rún.
Cén fáth go ndearna mé an t’rus, Ar ais go Daingean ar an mbus, Níl aon rud fágtha dom abhus, Ach cuimhní cinn ag bualadh bos.
|