Return to Homepage  :

Fáilte go suíomh idirlíon Choláiste Íosagáin.

Scoil Chaitliceach atá i gColáiste Íosagáin agus í faoi iontaobhacht Siúracha na Trócaire.

Bunaíodh Coláiste Íosagáin i 1971 le hoideachas lánGhaelach a chur ar fáil do chailíní i ndeisceart Átha Cliath.

Tugtar áit do dhaltaí ar an tuiscint go bhfuil siad sásta glacadh go hiomlán le ethos Caitliceach na scoile.

Is comhscoileanna iad Coláiste Íosagáin agus Coláiste Eoin atá lonnaithe ar an láthair céanna agus oibríonn an dá Choláiste as lámha a chéile le sár oideachas a sholáthar dár ndaltaí.

Feidhmníonn an scoil ar acmhainní a thagann ón Roinn Oideachais & Eolaíochta, síntúis deonacha agus airgead a bhailíonn tuismitheoirí.

Cuirtear polasaithe na scoile i bhfeidhm chomh fada agus is féidir leis na háiseanna agus na maoiniú atá ar fáil dúinn.

Feidhmníonn an scoil de réir na rialacha atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais & Eolaíochta.

Leanann an scoil na cláracha curaclaim atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais & Eolaíochta agus a athrófar ó am go céile de réir Ranna 9 agus 30 don Acht Oideachais 1998.