| 1.
HMS Vanguard Bratlong Cabhlach na Breataine a chuaigh go tóin
poill in 1875 tar éis ciotrainn le long eile ón chabhlach. Bhí
ceithre bháid ón chabhalch ar an mbealach go Cóbh ó Dún Laoghaire
nuair a tharla an ciotrainn. Go gairid tar éis Dún Laoghaire
a fhágaint thit ceo trom anuas orthu agus scar an Vanguard agus
an Iron Duke ón dá bhád eile. Chaill an Iron Duke radharc ar
an Vanguard agus i measc an rúille búille bhuail srón an Iron
Duke taobh an Vanguard ag fágaint poll mór ann. Chuaigh an Vanguard
go tóin poill tar éis uair an chloid ach níor challeadh éinne
seachas madra an chaptaen. Cuirfeadh cúirt airm ar an gcaptaen
agus chaithfeadh amch as an gcabhlach é. Tá an long suite in
52 méadar de uisce. Beimid ag díriú ar an roth, gunnaí agus
an poll agus an tumadh á dhéanamh againn.
2. Kowloon Bridge Long ola a chuaigh go tóin poill i mBaltimore,
Co. Chorcaí i Mí na Samhna 1986. Tháinig sé isteach go Bá
Bheanntraí chun foithint a fháilt agus deisiúcháin. Bhris
an ancaire nuair a bhí sé feistithe agus ní raibh aon rogha
ag an gcaptaen ach dul go farraige arís. Bhris an gléasrs
stiúrtha sa phróiséas agus ní raibh aon dul as ag an gcriú
ach an long a fhágáil. Taobh amuigh den bhá. Ar deireadh bhuail
an long Stag¹s Rock taobh amuigh de Bhaltimore áit a chuaigh
sé go tóin poill diaidh ar ndiaidh ar feadh sé mhí.
3.
RMS Leinster Bád posta a chuaigh go tóin poill sa Mhuir
Éireannach i 1918 i dtreo deireadh an chéad cogadh domhanda.
Cuirfeadh go tóin poill é tar éis gur thit dhá toirpéad é
ó U-bhád Gearmánach. Chailleadh 501 daoine, an chuid siaghdiúirí
na Breataine ina measc a bhí taistel ó Dún Laoghaire go Holyhead
sa Bhreatain Bhig. Tá an raice ina luí in 33 méadar de uisce
le an-chuid de fós le feiscint. Beimid ag tumadh in éineacht
le baill de Chumann Sub Aqua Marlin atá lonnaithe i nDún Laoghaire.
4. HMS Looe Long ó chabhlach na Breataine a chuaigh go tóin
poill i mBaltimore, Co. Choecaí i 1697. Nuair a bhí sé ag
fágaint Baltimore bhuail sé carraig i mbéal an chuain de bharr
dearmad stiúrtha a dhein an chaptaen. Cuirfeadh cúirt airm
ar an gcaptaen agus chaill sé a phost de bharr sin. Tá 11
canóin le feiscint in éineacht le caoir ordanáis.
5.
Spanish Armada Tá an tumadh seo bunaithe ar litreacha a
scríobh General de Zubiaur ó Armada na Spáinne go Rí na Spáinne
le linn Cath Cionn tSáile i 1601. Bhí De Zubiaur lonnaithe
in Castlehaven le linn an chath agus nuair a bhí sé ann chuaigh
dhá long leis go tóin poill, an Cisne Camillo agus an Maria
Francesa. Beidh foireann Éire Fo Thoinn ag tumadh in éineacht
le Dúchas nuair a dhéanann siad suirbhé orthu ag iarraidh
fáilt amach an bhfuil mórean des na raiceanna fágtha.
6.
Crann Snámha, Loch Derg Beidh an fhoireann ag tumadh arís
in éineacht le Dúchas nuair a dhéanann siad suirbhé ar crann
snámha i Loch Derg. Tháinig tumadóir áitiúil air agus é ag
tumadh cúpla mí ó shin. Déanfaidh Dúchas iarracht dáta a chuir
air agus é a bhogadh go suíomh níos sábhálta.
|