|
Lonnaithe i gaeltacht na Rinne, sé Nemeton
ar cheann de na comhlachtaí léirithe teilifíse is mó sa tír. Bunaíodh
é i 1993 agus anois tá 25 ag obair go lán-aimseartha agus an méid
céanna ag obair ar bhonn rialta páirt-aimseartha.
Is
comhlacht eisceachtúil é Nemeton sa mhéid is go bhfuil a ásieanna
teicniúla féin aige. Maraon le hoifigí léirithe, tá stiúideo craolta,
aonad so-ghluaiste craolta (OB), aonad saitilíte, 4 sheomra eagarthóireachta,
graificí, agus go leor eile lonnaithe i gceannáras an chomhlachta
i nGaeltacht na Rinne, Co. Phort Láirge.
Déanann
Nemeton raon leathan cláracha do chraoltóirí éagsúla.
Is
do TG4 is mó a léirítear na cláracha, ina measc formhór spórt beo
an stáisiúin: GAA Beo (iomáint agus peil BEO gach Domhnach),
Ard San Aer (buacphoinntí iomána agus peile gach Luan), Rugbaí
Beo (An tSraith Cheilteach agus Cluichí Idirchúige BEO), Peil
na mBan Beo (peil na mban . . . BEO!!) agus Rásaí na Gaillimhe
(rásaí BEO ó Ghaillimh).
Bhí
cispheil á thaispeáint ar IBA Beo, sacair ón Spáinn ar Olé!
Olé agus d'fhéach slua mór ar cluiche ómóis Tommy Boyd idir
Glasgow Celtic agus Manchester United.
Clár
eile a déanadh ná The Health Show. Seo clár beo faoi chúrsaí
sláinte a craoladh uair sa tseachtain ón stiúdeo sa Rinn. Is do
RTÉ 1 a déantar an tsraith seo - an chéad shraith stiúideo beo do
RTÉ a craoladh taobh amuigh de Dhomnach Broc agus é léirithe ag
comhlacht neamhspleách
Cláracha fáisnéise eile a déanadh do TG4 ná Laochra Gael,
Buail Bóthar, Éire Fo-Thoinn agus Mo Cheol Thú
- Scéal Chiareain Mhic Mhathúna.
Maraon leo sin, tá sraith eile de Éire Fo-Thoinn agus Laochra
Gael á dhéanamh faoi láthair.
|