|
|
Cúil Mhuine |
|
|
Baile na Cora |
PARÓISTE
CHÚIL MHUINE (CILL BHEARNAIT)
CÚIL MHUINE
CO. SHLIGIGH
ÉIRE
FÁILTE
(Is féidir na leathanaigh go léir ar an láithreán seo a iniúchadh trí úsáid
a bhaint as na ceangail a thugtar faoi na seacht cheannteideal thíos. De rogha
ar sin, is féidir léarscáil an láithreáin a úsáid chun an láithreán féin a
thaisteal.
1. Suíomh: Is paróiste tuaithe é Cúil Mhuine (Cill Bhearnait) i ndeoise Achadh Conaire in iarthuaisceart na hÉireann. Tá sé dheoise is fiche, ar éagsúlacht achair, in Éirinn. Tá Achadh Conaire ar cheann de na deoisí is lú díobh.
2. Teorainneacha: Leagadh síos teorainneacha on pharóiste in 1978 nuair a roinneadh paróiste níos mó ar a dtugtaí 'Baile Easa Dara agus Cill Bhearnait'. Tá seanpharóiste Cill Bhearnait agus cuid de sheanpharóiste Bhaile Ease Dara i bparóiste Chúil Mhuine (Cill Bhearnait) an lae inniu. Rinneadh paróiste nua 'Baile Easa Dara'' in 1978 den chuid eile den seanpharóiste den ainm sin. Is gnách inniu go scríobtar ainm an tsráidbhaile, Baile Easa Dara, mar 'Ballisodare' i mBéarla.
Sonraítear paróistí tuaithe go coitianta de réir na mbailte fearainn atá iontu. Tugtar liosta na mbailte fearainn cé nach móide go gcuirfidh daoine spéis iontu seachas iad siúd a bhfuil eolas acu ar on gceantar
3. Ainm: Coinníodh Coll Bhearnait in ainm oifigiúil an pharóiste ionas nach ligfí i ndearmad seanpharóiste Cill Bhearnait (arb é Baile na Cora a lárionad inniu). Luann Yeats Cill Bhearnait ina dhán The Fiddler of Dooney . Thagadh an file ar saoire uaireanta chuig a uncail, duine dr mhuintir Pollexfen ar leo na muilte plúir in mBaile Easa Dara.
4. Séipéil: Tá séipéal an pharóiste, Séipéal na Deastógála, i gCúil Mhuine, sráidbhaile in gCo. Shligigh, seacht míle ó dheas ó bhaile Shligigh.
Tá an dara séipéal sa pharóiste, Séipéal Naomh Feichín agus Lasair, i mBaile na Cora, sráidbhaile níos lú atá cúig mhíle ó dheas ó Chúil Mhuine.
5. An saol mar a bhí: Tá gearrchuntas le fáil ar stair (1) an pharóiste agus (2) an cheantair; agus freisin ar Chath Chorrshliabh 1559 agus ar Bartholomew Teeling agus 1798
6. An saol mar atá: Tráthchlár imeachtaí an pharóiste; Cléir agus pearsanra eile an pharóiste; Siúracha na Trócaire;
7. Nuachtlitir Sheachtainiúl an Pharóiste: Leachanach 2 ; Leathanach 3
Back to home page