An Rúnaí GDÁ,
11 Pairc an Gharráin,
Rath Maoinis.

eolas@gaelcholaiste.com
                                 
Iarratas curtha isteach:       Buntáistí Oideachais trí mheán na Gaeilge.  
Tá iarratas foirmeálta curtha isteach again don Roinn Oideachais faoi choimirce Choiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath le h-aghaidh aitheantais oifigiúil don scoil nua. Gheobhaimid an t-aitheantas seo ach a thaispeáint go bhfuil éileamh ar an scoil nua agus mar sin táimid ag iarraidh do chuid tacaíochta. Is féidir leat scríobh go pearsanta chuig an Roinn nó chuig do pholaiteoirí áitiúla(féach anseo) nó do ainm a chur ar liosta ár gcuiditheoirí. Freisin is féidir leat faireadh amach le h-aghaidh imeachtaí sóisialta i do cheantar féin.
Tá na buntáistí a bhaineann le freastal ar ghaelscoileanna pobal-bunaithe don ár bpáistí feicithe againn. Freisin tá sé soiléir mar a chabhraíonn na scoileanna úd le saol cultúrtha agus sóisialta an phobail. Ceapaimid gur ceart go mbeadh na deiseanna oideachais agus forbairt phearsanta le fáil ag ár bpáistí ag an dara léibhéal chomh maith agus mar sin táimid ag iarraidh scoil nua a bhunú i nDeisceart Átha Cliath a thabhairfidh deiseanna breise oideachais as Gaeilge don ár bpáistí.
       
6 Scoileanna ag glacadh páirt:     Brú anseo
Suíomh is cosúla don scoil
Tá tacaíocht a lán des na tuismitheoirí go bhfuil páistí acu i nGaelscoileanna cheana féin ag an nGaelcholáiste. Tá tuismitheoirí ó Scoil Bhríde agus Lios na nÓg (Ranallach), Scoil Mológa (Crosaire Arailt), Scoil Naithí (Baile an tSaoir), Gaelscoil Chnoc Liamhna (Cnoc Liamhna) agus Scoil Thaobh na Coille (Cill Tiarnáin) páirteach in ár bhfeachtas agus go dtí seo tá 260 teaghlach ar liosta ár gcuiditheoirí. Táimid anois ag lorg do chabhrach agus ag iarraidh ort do ainm a chur ar an liosta anseo.
       
    Brú anseo    
 
Ár gcuspóir á chur i gcrích
   
 
Ath-mheabharcháin do iarrathóirí
    billeog eolas faoi iar-bhunscolaíocht trí mheán na Gaeilge  

Feachtas litreacha ag dul ó neart go neart:

370 litreacha seolta chugainn. Bhí achanaí againn I scoil Naithí agus fuaireamar 50 sínigh ann .
>>tuilleadh

     
  Preas Ráiteas: Leiraíonn turaisc OECD go bhfuil gá éilamh ar an Gaelcholáiste nua (Béarla ach amháin)