Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
Is méanar do  lucht an dobróin, óir sólásófar iad.
Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart orthu chun na fíréantachta
orthu óir sásófar iad.
Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu.
Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.
Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.
Is méanar dóibh a d'fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantach, óir
is leo ríocht na bhflaitheas.
Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarlanfar
sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach
mar gheall ormsa.
Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh; óir
is mar sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh rómhaibh.

 

An Bíobla Naofa

An Sagart Maigh Nuad 1981