Shíleas gur chuala uair amháin é
I bhfad uaim i gcúinne móinéir,
Shiúlas ina threo le faichill
Go gcloisfinn go cinnte soiléir.
Bhí an ghealach ag maolú a solais,
Fuaire drúchta ar crochadh san aer,
Corrsciathán leathair ag sceilg
Mhíoltóga na hoíche sa spéir.
Traonach níor chualas le cianta:
Is cuimhin go baileach an t-am:
I gcillín colláiste mé spíonta
Le huaigneas do m'bhaile is clann.
Thosaíodh sé i ndoimhneacht na hoíche,
Gan sos ina rithim nó rann,
Is thugadh ualach mo smaointe
Chuig mo choill, mo sruthán, mo ghleann.
D'éistinn leis go gealadh na maidne,
É mar fhile ag insint go cruinn
Faoina thuras thar mhacairí mara
I thar thíortha go hÉirinn anall.
Mar bhard ag moladh a shinsir,
A n-eachtraí is a ngábha anallód,
Is an slad a rinneadh ar a shíolra
Nuair a sheas siad go cróga an fód.
D'éalaigh uaim an bháisteach,
Níor chualas fiú an traein,
Ní raibh i m' shaol ach oileán:
Willie Sal is a scéal.
Caithfead cuairt a thabhairt air,
Is rachaimid araon
Thar sáile i mbád a smaointe
Chuig a chroí in Inis Gé.