Céide
D'osclaíos mo litir,
Scríofa go glé
I dteanga dheoranta-
Éasca a léamh.
Scéalta mo dhaoine
Fillte go docht
I gclúdach móna
Na cianta ar chnoc.
A dtriall súite
Ag clocha geala,
Mogaill a saothair
Ar bhruach aille.
In ithir mhaighdean'
Mo litir léite;
Bhlaiseas mo shíol
In achaidh Chéide.