Thángadar:
Thóg siad ár gcroí ina lámha
Is le hithir, cloch is adhmad
Chromadar ar ár smaointe,
Scéalta bróid is caointe,
Sinsear ár staire
A mhúnlú
Ar shliabh is bhinn
Is ar mhullach aille.
D'imíodar:
D'fhágadar a ngrá inár gcnámha,
A dtuiscint, faichill, coimeádta;
Gach éinne a véarsa a scríobh
Lena stuaim, a oilteacht is fia.
Faobhar mara
Ar dhúiche:
Leagadar inár n-aigne
Macalla a n-anama.