Willie Sal

__________

I m' shuí sa charr tráthnóna,

Mífhoighdeach,

Ag feithimh le traein,

Báisteach throm ag titim,

Clagarnach rialta -

Braon i ndiaidh braoin.

Seanfhear ar an raidió

Ag caint faoi Inis Gé.

__________

 

Oileán i bhfad ón stáisiún

Lán coiníní is éan,

Mé fós i ndordán tráchta,

Greannach le moille traen'.

Is meidhreach a chuid cainte

Ach boguaigneas fós á chrá:

Driotháirín * leis báite,

A chorp fuar ar an trá.

__________

Gan air ach cloch is gaineamh

Le síorghluaiseacht mhall na taoide;

Cúpla gobán ag freastal,

Faoileán ag scréachaíl caointe

Ach fuaim nadtonn' ina ghlór.

Cé fada ó bhí sé thall,

Rugadh oileán i mo chroí

Le cuntas Willie Sal.

__________

D'éalaigh uaim an bháisteach,

Níor chualas fiú an traein,

Ní raibh i m' shaol ach oileán:

Willie Sal is a scéal.

Caithfead cuairt a thabhairt air,

Is rachaimid araon

Thar sáile i mbád a smaointe

Chuig a chroí in Inis Gé.

__________

*Deartháirín

Back to Filíocht