Bíonn réimse fairsing imeachtaí taobh amuigh de na ranganna foirmeálta. Spreagtar gach dalta bheith páirteach. 'Sé atá mar phríomhaidhm leis na himeachtaí seo ná díograis agus feinmheas a chothú sna daltaí agus muinín as a n-acmhainní féin.Déanann na daltaí cúrsaí spioradálta, téann siad chuig ceolchoirmeacha, drámaí, scannáin agus taispeántais, agus glacann siad páirt in imeachtaí éagsúla spóirt.
Eagraítear turasanna oiriúneacha do gach rang agus tugtar go leor aíchainteoirí chun na scoile i rith na bliana. Seo cuid de na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl ag na daltaí:
Amhránaíocht
Díospóireachtaí
Labhairt go Poiblí
Drámaíocht
Tráth na gCeist
Ceol
Rince Céilí agus Seite