Beidh clár iomlán na hIdirbhliana ar fáil do dhaltaí ó scoileanna eile ar mian leo freastal ar Mheánscoil San Nioclás don bhliain sin amháin.
Is cúis mhór áthais dúinn go dtugann scéim Ghael-Linn aitheantas náisiúnta d'fheabhas na hIdirbhliana s'againne.Gach bliain bronnann siad roinnt scoláireachtaí ar scoláirí idirbhliana ón nGalltacht chun seans a thabhairt dóibh 12 sheachtain a chaitheamh i Méanscoil San Nioclás i rith an chéad téarma. Fanann na daltaí i dteaghlaigh ghaelacha sa cheantar.
Ábhair don Idirbhliain
Cúrsaí Fístéipe Staidéar Sláinte agus Comhshaoil Na Meáin Chumarsáide Líníocht Theicniúil Garchabhair Iris Scoile Mionchomlacht Cúrsa Oiliúna Clóscríobh Teicnící Agallaimh Gairmthreoir Béaloideas Staidéar Eorpach Cócaireacht Teanga Chomharthaí Ealaín agus Céird