Oideachas dara leibhéil lán-ghaelach do bhuachaillí agus chailíní.Clár faoi leith don Idirbhliain
Tá Meánscoil San Nioclás ag cur meánoideachas ar fáil tré Ghaeilge ó 1959 i leith. Le blianta beaga anuas tá fás os cionn 30% ar líon na scoláirí atá ag freastal ar an scoil. Mar thoradh ar an bhforbairt seo agus ar an gceangal le Coiste Gairmoideachais Cho. Phort Láirge, tá foirgneamh nua ceadaithe ag an Roinn Oideachais agus pleananna á réiteach chuige faoi láthair.
Tagann roinnt scoláirí anois ó Dhún Garbán agus tá seirbhís bus scoil ar faíl dóibh. Cuirfear busanna ar faíl ó cheantair eile de réir mar is gá.
Is léir go bhfuil buntáistí agus tábhacht ag baint le hoideachas dara leibhéil trí Ghaeilge; tá méadú ag teacht in aghaidh na bliana ar na cúrsaí tríú leibhéil, ar na cúrsaí oiliúna agus ar na deiseanna fostaíochta a bhfuil an Ghaeilge riachtanach dóibh
Osclaíonn Meánscoil San Nioclás go leor doirse dá cuid scolárí mar bíonn tuiscint mhaith acu, ag fágaint na scoile dóibh, dá n-oidhreacht Ghaelach agus Eorpach
Cad a deir daoine
Torthaí thar barr
Gan aon bhandáil ar áhair ag leibhéal an Teastas Shóisearaigh ná ag leibhéal na hArdteisteiméireachta.
Foghlaim na Gaeilge gan stró in atmaisféar dearfa.
Coibhneas scoláirí/múinteoirí ar fheabhas.
Gairmthreoir chuimsitheach phearsanta.
Tréadchúram agus cúrsaí smachta go maith.
Scoláireachhtaí Gaeltachta.
Tugann an bhéim ar an gcultúr Gaelach féinmhuinín
Coiste láidir tuismitheoirí
Lá gearr scoile; críochnaíonn ar 3.30 i.n.
Briseadh leathuair a' chloig don lón ar láthair na scoile, agus múinteoir i bhfeighil.
Ranganna beaga.
Seoladh Fón Facs Meánscoil San Nioclás (058) 46464 (058)46540 Rinn Ó gCuanach Co. Phort Láirge. e-mail:Áine Ní Dhíomsaigh
e-mail:Séamus Ó Faoláin