Oidhreacht

An Clár

 

 

Ceantar mór a’  cheóil is na n-amhrán is ea Múscraí Uí Fhloinn.  Tá sé ‘na thobra shaibhear bhinn i gcónaí mar a bhí sé riamh. Is mó amhrán cáiliúil do cumadh ag Múscraíoch, leis, agus tá roinnt díobh le fiscint seo thíos.

 

 

Oidhreacht

An Clár

 

 

An Pup

 

And my pup came home from Claedach today and I am glad of it,

Con Carty did not trate him as daecent as he promised it.

Do bhíodh sé moch is déanach ag aeracht na seascaithe,

‘S do tinneadar a mhéaranna ‘s a ghéaga, bheaga, bhascadar,

‘S nach mé ‘ bhí go mórálach nuair a tháinig sé abhaile chugham.

 

If you were to see him ‘twas really astonishing

What little time a sheepdog without feeding would be vanishing.

Ní raibh siúil na slí ann, a chroí na chliabh ‘ bhí ataithe,

A chosa ‘ bhí tanaí is a phíb siúd ‘ bhí greadaithe,

‘S nach mé ‘ bhí go mórálach nuair a tháinig sé abhaile chugham.

 

He was so very homesick the bones were poking through his skin,

And this being somewhat torn, it could do no more than hold them in.

Do bhí sé tuirseach tnáite, gan áthas ná dúil i meidhir,

Is ba dhobhar do ‘ bheith báite is é ‘ gabháil trí átha Chúm a’ Ghadhair,

‘S nach mé ‘ bhí go mórálach nuair a tháinig sé abhaile chugham.

 

He was so very lonesome his throat got sore with sadness.

One morning ‘ere they woke, his chain he broke with madness.

Do ghearr sé trí sna cómhngair, le breóiteacht do chneadach sé,

Trí ghleanntaibh is trí mór-chnoic, ba dhó’ leat ná stadadh sé,

‘S nach mé ‘ bhí go mórálach nuair a tháinig sé abhaile chugham.

 

His feeding whilst out there was small praties mixed in stirabout,

He could run all over Claedach with forty of them in his mouth.

Bhí bacach darbh ainm Páinnseach, nuair a dhearcaigh se an seiceadúir,

Ó d’árdaigh suas a mhálaí agus as go brách go Cnoic an Iúir,

‘S nach mé ‘ bhí go mórálach nuair a tháinig sé abhaile chugham.

 

He would leave no rat or mouse in the house but he’d surely maul,

And if he would break loose he’d go bouncing through a double wall.

Bhí slabhara ó Ínse Chóir air ná raibh dóite ná cnagaithe,

Ní raibh casadh san éagóir ann ná órlach de siúd lagaithe,

‘S nach mé ‘ bhí go mórálach nuair a tháinig sé abhaile chugham.

 

Those blake and barren ranges of Claedach, sure they’re horrible.

There’s a vast three thousand acres but scarce an acre arable.

Níl ann ach aiteann Gaelach, fraoch agus portaithe,

‘S dá mbeifeá ‘mu ann déanach, ba bhaolach duit ‘ bheith gortaithe,

‘S nach mé ‘ bhí go mórálach nuair a tháinig sé abhaile chugham.

 

George Curtin (Míceál Ó Tuama) do chúm.

 

 

Oidhreacht

An Clár

 

 

 

An Capailín Bán

 

Mo chreach is mo chás ‘sé an bás a thagann go trom,

Nuair a leagtar ar lár an cara gur mhaith linn ‘ bheith buan.

Ní le fearaibh, le mnáibh ná le buachaillíbh ‘ bhaineann mo dhán,

Ach le láirín dro’-mhianaigh ar a nglaoidís an Capaillín Bán.

 

In Uíbh Laoghaire na nGaortha’ ‘sea a chaith sise a saoghal,

Níor fhás sí puinn riamh, mar ba dhual di ó ghach taobh dá gaol,

Gidh gur mo mála coirce is mine a d’ith sí go slán,

Is fíor bheag dá chomhartha a bhí ar chraiceann a’ Chapaillín Bháin.

 

Do bhí ciall na n-ocht nduine chliste i gcionn a’ láirín,

D’aithneódh sí an deifir a bhí idir dro’ cheól is ceól binn,

Ar filleadh abhaile ó Mhaigh Chromtha abhaile buail suas amhrán,

‘S ní bhéaradh gaoth anoir nú aneas ar a’ cCapaillín Bán.

 

Bhí súil léi imithe gan aon choinne go bhfilleadh go deó,

Do bhí sí ar leath-shúil gan dúil le sonas ná só.

Ach dá ghéire radharc Cyclops nú an seabhac ar lorg préachán,

Is suarach ab’ fhiú iad seachas súilín a’ Chapaillín Bháin.

 

A cosa níor láidir cé gur tháinigbuidéal ó’n ndochtúir,

Chomh com chnapánach gan dásacht, gan deiseacht, gan lúth,

Is cuimhin liomsa lá ná raibh slán ach an t-aon chos amháin,

Is ba ghioballach fánach an láir í, an Capaillín Bán.

 

Fé dheireadh thiar thall do b’ fhonn le hAthair na nGrás,

A theachtaire dúbhach a chuir chúichi le scéalta ‘n bháis.

Do cuireadh go galánta ‘n láir bhocht – sin deireadh mo dháin,

Is síocháin is sólás go bhfaighidh anam a’ Chapaillín Bháin.

 

Seórse Seartan do chúm

 

 

 

 

 

 

Oidhreacht

An Clár