Iomáint, Camógaíocht agus Peil.
Sa bhliain 1984, nuair a bunaíodh Gaelscoil Osraí b'iad príomh-aidhmeanna na scoile ná oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil agus teanga agus cultúr na hEireann a chur chun cinn.
Iarscolairí na Gaelscoile, Gearóid Ó Tionáin agus Aléin Ó Faoláin ag imirt peile i bPáirc an Chrócaigh i Meán Fómhair, 2009.
Bhí sé mar aidhm,chomh maith, spórt agus cluichí Gaelacha a fhorbairt i measc na ndaltaí. Ní raibh sé indéanta é seo a chur i bhfeidhm go dtí go raibh na daltaí aibí go leor chun na scileanna seo a fhoghlaim.
Is beag an mhoill a bhí ann chuige seo!
Cé nách raibh aon rang a cúig nó sé sa scoil ag an am sin, cuireadh foireann chamógaíochta ar aghaidh don Sraith Scoile, 1989.Tharla sé ag an am go raibh Sraith iománaíochta ar siúl chomh maith do na daltai i rang a trí. Bíodh is nách raibh alán ama cleachtadh ag na páistí, is don taithí a fuair siad, den chuid is mó a ghlac siad páirt sna cluichí.
Roimis an tSamhraidh thaisteal na páistí chuig cluichí chun suim sa mhúscailt iontu.
Ó thús na bliana 1989/1990 ar aghaidh ghlacamar páirt i gcomórtaisí de chuid Chumann na mBunscoileanna. Is minic a chailleamar, ach mar sin féin tháinig feabhas orainn de réir a chéile.
Sa bhliain 1993 bhí an bua ag rang a dó i gcomórtas idir-ranganna na cathrach. Ba é seo á gcéad bua ! Nách orainn a bhi an scléip agus gliondar croí ag breith abhaile linn an corann!
Foireann na Gaelscoile a bhuaigh an Chraobh sa Pheil Ghaelach, Roinn B, 2005, le Muinteoirí Seán agus Nioclás.
Foireann Rang a Dó Ghaelscoil Osraí, a bhuaigh craobh na cathrach idir-ranganna 2005, le múinteoirí Gobnait agus Máire .
Rang a Dó le Múinteoirí Liam agus Áine,1996.
Sa bhliain 1996, bhuaigh an Ghaelscoil na comórtaisi idir-ranganna le Rang a dó agus le Rang a cúig!
Rang a cúig le Múinteoir Brian,1996.
Sa bhliain 1997, bhí an bua ag an Ghaelscoil i gcraobh an chontae. Bhuaigh na cailíní sraith seachtar gach taobh agus d'imir triúr des na cailíní seo i bPáirc an Chrócaigh an Samhradh sin.
Camógaíocht seachtar gach taobh le Múinteoir Brian, 1997.
Susan Ní Chinnéide, Cearúilín Ní Dhúda agus Aoife Ní Náraigh a d'imir i gcluiche seachtar gach taobh i bPáirc an Chrócaigh, urraithe ag Cumann Múinteoirí Éireann, 1997.
Na buachaillí a bhuaigh an Roinn D don chéad uair.
Gaelscoil Osraí buaiteoirí Roinn D, 1997.
Foireann Rang a trí a bhuaigh an comórtas idir-ranganna na cathrach, 1997.
Cian de Bhaldraithe ,a roghnaíodh chun iomáint a imirt sa Bhreatain Bheag, Fómhar 1997.
Cian de Bhaldraithe, a roghnaíodh chun iomáint a imirt sa Bhreatain Bheag, Fómhar 1997. D'imir sé ar son na hÉireann i gcoinne an Bhreatain Bheag.
Gaelscoil Osraí a bhuaigh an Roinn C le Múinteoir Brian, 1998.
Foireann chamógaíochta Gaelscoil Osraí a bhuaigh an Comórtas Roinn C, 1999, le Múinteoir Brian.
Indoor Hurling
Gaelscoil Osraí a bhuaigh an Comórtas na Cathrach Iomáint faoi dhíon, 1999. Is í an Ghaelscoil a bhuaigh an comórtas seo don chéad uair, onóir mhór don scoil!
Foireann Iománaíochta faoi dhíon le Múinteoir Brian, a bhuaigh craobh na cathrach,1999.
Rang a Dó le Múinteoir Gobnait a bhuaigh craobh na cathrach idir-ranganna, 2004.
Foireann Chamógaíochta na scoile a bhuaigh craobh an chontae le Múinteoirí Dominic and Seán, i bPáirc Ó Nualláin, 2004.
Ar An gCeap.
I gConaí.
I gcónaí.
Baile