Stair Na Scoile.
Sa bhlian 1984 do tháinig scata tuismitheoirí le chéile i gcathair Chill Chainnigh agus é mar aidhm acu scoil lán-Ghaeilge a bhunú dá bpáistí.
Fuaireadar an cead ón Roinn san a dhéanamh, agus thugadar faoí seomraí a fháil ar cíos ón gClub C.L.G. Sheámais Uí Stíofáin ar imeall na cathrach.
Ar an gceád lá de Mheán Fómhair, 1984 d'oscail Méara na Cathrach doras na scoile chun beirt is fiche dalta agus a múinteoir siúd, Gobnait Ní Choitir, a fhailtiú isteach.
Ar Cúl; Brónagh Ní Dhálaigh, Ruairí Ó Feargháil, Breandán Ó Feargháil, Macdara Ó Drisceoil, Eoin Ó hÓgáin, Oisín Breathnach, Peadar Ó Neachtain, Seán Ó Beoláin, Sionann Ó Beoláin, Máire Ní Chúipéir, Karen Ní Néill.
Chun Tosaigh; Rúth Nic an Éanaigh, Diana Ní Dhubhshláine, Máire Rúth Ní Phuirséal, Róisín Ní Chaoimh, Clár Nic Amhlaoibh, Bébhinn NÍ Laoghaire, Sinéad Ní Chaisín, Jill Ní Chríogáin, Gráinne Ní Fhloinn, Donna Ní Néill, Sinéad Ní Dhulchaointigh, Múinteoir Gobnait.
Bhí ag éirí go maith leis an scoil agus taréis bliana tháinig a thuilleadh páistí agus fostaíodh an chéad chúntóir, Proinnsiasa Ní Chathasaigh.
D'éirigh leis an scoil a suíomh féin a fháil í Loch Buí, áit ina bhfuil sí fós, 'Fhaid is go rabhadar ag fanacht leis na seomraí réamh-dheánta a bheith réidh don suíomh, chuireadar fúthu i sean-scoil naisiúnta Phádraig Naofa ar shráid Phádraig, ar feadh tréimhse.
Sa bhlian 1987 ceapadh Míchéal Ó Máirtín mar Príomh Oide ar an nGaelscoil.
Sa lá atá inniu ann tá triúr oide déag agus thart faoi trí chéad dalta sa Ghaelscoil.
Le himeacht ama tá an Ghaelscoil ag dul í láidreacht agus i méid agus tá ainm na scoile go h-árd i measc an phobail.
Foireann Na Scoile.
Ar An gCeap.
I gConaí.
Baile.