Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl
sa scoil arís i mbliana ó 9ú lá go dtí 15ú Márta. I rith na seachtaine
beidh neart imeachtaí chun an tseachtain seo a cheiliúradh.
Beidh bingó Gaeilge ar siúl ar an Luan le duaiseanna speisialta
eagraithe ag an gCoiste na dTuismitheoirí. Beidh an seanchaí cáilúil Eddie
Lenehan ag teacht ar an Máirt chun a scéalta a insint do na
buachaillí.
Ar an gCéadaoin beidh ceolchoirm sa scoil le taispeántas ó
cheoltóirí na scoile, amhránaíocht agus drámái beaga.
Cuirtear béim i mbliana ar an teanga labhartha agus deis a thabhairt do
na buachaillí gaeilge a labhairt i rith an lae. Beidh dán nua, amhrán nua
agus paidir nua Gaeilge múinte i ngach rang i rith na seachtaine agus beidh
comórtas ealaíne bunaithe ar sheanfhocail na gaeilge ar siúl i ngach rang.
Tá na buachaillí ag tnúth go mór le himeachtaí na seachtaine.