Ár n-aistear go Páirc a’ Chrócaigh

Dialann lucht leanúna

 

Is beag a shamhlaíomar ag tús Chomórtas Chraoibhe an Chontae i mí an Mheithimh anuraidh cad é mar bhliain a bhí i ndán do Chlub Peile na Gaeltachta – bliain chaide a lean ar feadh os cionn trí ráithe agus a shroichfidh an buaic phointe ar lá fhéile mhór na nGael ar mhór stáitse na n-aislingí san ardchathair fé cheann laethanta.

 

Leanann fústar cluichí craoibhe fhoireann sinsear an chontae gach bliain – go háirithe anois agus cúigear ón nGaeltacht ag imirt ach ní paiste é ar an bhfuadar agus an bhfotharaga atá le tamall de mhíosa anuas ag leanúint fhoireann na Gaeltachta.

 

I mí Deireadh Fómhair seo caite bhí sé ar bhéal gach éinne go dtugamar na cosa linn i gcoinne Fhánaithe na Leamhna ag an gcéad chluiche – ócáid a ndeineann formhór de mhuintir na Gaeltacht freastal air, go háirithe nuair a bhíonn an uain chuige agus an lá oiriúnach chun na leanaí a thabhairt ann. Thugamar na cosa linn ag an gcluiche ath-imeartha agus ní gan dua é – bhí ár gcroí inar mbéal go dtí gur bhain an Loingseach an séideadh deireanach as an bhfliúit. Ní raibh aon ní ró shuaithinseach fén gcluiche sin – ach aon rud amháin – dá mbeidís chomh gairid i scór sa chéad chluiche eile go ndéanfadh sé lá cruaidh ar an gcroí, gan bacaint leis an nguth agus an laraingíteas!

 

Ag tús mí na Samhna bhí aghaidh le tabhairt againn ar Ghleann Bhearracháin i gCill Airne. Faoi mar is eol do chách tá stair fhada iomaíochta ag gabháil le cúrsaí caide idir Chiarraí agus Chorcaigh agus níorbh aon eisceacht an cluiche seo. Bhí sé go mór inár gcuimhne an íde a d’imigh orainn an uair dheireanach i gcoinne na gCorcaíg agus fear na mbróga caide dearga! Ach is i gCill Airne a bhí an cluiche seo agus níl aon teora leis an mbuntáiste baile. Ag deireadh an chluiche bhí farasbarr de seacht bpointe againn agus an fhoireann ag dul i bhfeabhas de réir mar a bhí na cluichí á imirt acu. Sea bhí an claí sin curtha dínn againn agus sinn sa tsiúl – aon rud eile a thiocfadh ina dhiaidh sin – bónas a bheadh ann.

 

Slat  ná orlach d’éadach dearg, uaithne ná bán ní raibh fágtha i dtigh MhicKenna ná i mbaile an Daingin cúpla lá ina dhiaidh sin. Meaisíní Singers tarraice amach as churpaid, braon Three in One curtha orthu agus flaigí agus bratacha á ndéanamh ar dalladh! Meitheal curtha le chéile ar an mBóthar Buí chun caipíní a chniotáil agus ní choimeádfadh arm ag cniotáil suas leis an éileamh a bhí orthu. Fireann agus baineann bhíodar ann leis na bioráin – isteach, snáithín timpeall, tríd agus amach – siar amach san oíche ag cniotáil. Caitheadh cuid den obair a thabhairt amach ar chonradh go Paróiste an Fheirtéaraigh mar go raibh sé ag fáil ró-mhaith dhóibh!

 

Ar an nDomhnach deireanach de mhí na Samhna is ar Chathair Luimní a bhí ár dtriail do chluiche Ceannais na Mumhan. Ba léir gur ócáid mhór í seo mar go raibh ceamara TG4 romhainn ag an ngeata agus sinn tar éis máirseáil aníos ón hotel agus an Mackeral Ceilí Band ar cheann an tslua againn. N’fheadar ná go dtáinig smut d’eagla ar lucht leanúna Naomh Sheanáin nuair a chualadar an ceol – an melodian na drumaí agus an glór agus sinn ag teacht isteach ar an bpáirc. Fé thráthnóna ba iad An Ghaeltacht curraithe Caide Sinsear na Mumhan – éacht ná raibh déanta riamh roimhis sin agus ní rabhadar críochnaithe fós. Facthas deora i súile daoine an lá sin. Thosnaigh an ceiliúradh díreach i ndiaidh an chluiche le cúpla jorum sa hotel agus bhí jab ar iad a bhordáil ar an mbus abhaile! As go brách leis an mbus go dtí na Meadowlands – mar a raibh gach mac máthar agus iníon athar bailithe agus mar a raibh an form go maith., ní lá fós é! Greim ite agus braoinín eile ólta is sinn a bhí go súgach ar an mbóthar abhaile le amhráin agus cleachtadh. Ach níorbh fhéidir dul abhaile gan bualadh isteach go dtí Fergus agus an match a chur trí chéile a thuilleadh.

 

Chaitheamar fanacht aige baile don chéad chluiche eile mar ná raibh sé d’acmhainn againn dul go Londain agus an Nollaig cúpla seachtain ó bhaile. Bhí ticéidí saor fachta aige cuid acu a cheap gur ar an Satharn a bhí an match. Is le Pádraig Sé an Raidió a chaitheamar éisteacht agus é ag gearán ar an bhfuacht i Ruislip! Ach ní dhein an fuacht aon díobháil d’éinne an deireadh seachtaine sin mar de réir na scéalta a tháinig anall bhí ana-thime ag gach éinne agus a gcúram déanta go slachtmhar ag lads na Gaeltachta.

 

I ndiaidh an chluiche sin i Londain chuaigh Jeaicí Mac Gearailt chun cainte le lucht bainistíochta agus imreoirí na Gaeltachta. Breá sásta a bhí gach duine acu agus iad ag féachaint ar chluiche leathcheannais na hÉireann. Dúirt Fergal ná raibh a fhios aige riamh leithéidí an Mackeral Céilí Band a bheith ann go dtí an match i Luimneach. Tugadh omós don lucht tacaíochta – go háirithe iad siúd a dhein an turas fada go Londain. 

 

Cé a déarfadh é ach bhí an cluiche leathcheannais bainte amach againn. Bhí fanacht fada idir sin agus an chéad mhatch eile – i lár mí Feabhra. Ina theannta san ní raibh a fhios againn cá mbeadh sí – ionas go bhféadfaimis ár seomra a chur in áirithe agus ár bpleananna a dhéanamh. Chiorraigh Santy an t-achar fada sin dúinn agus thug sé seans do mheitheal an Bhóthair Bhuí a ndóthain caipíní a dhéanamh.

 

Thugamar aghaidh ar Dhurlas Éile Dé Sathairn agus dheineamar an baile a shuathadh go maith an oíche sin. Chuir Mikey Sheehy ina luí orainn nár chóir dúinn aon eagla a bheith orainn roimh leaideanna na hArdchathrach mar go raibh a mbuachtaint ag an nGaeltacht. Bhí cuid mhaith de lucht leanta Naomh Bríd ann agus a gcuid dathanna á dtaispeáint acu.

 

Ba gheall le bheith thiar i mbaile an Daingin é maidin Dé Domhnaigh agus a raibh tagtha ar an mbaile – bhíodar ann ó gach ceard de Chorca Dhuibhne – ó Dhún Chaoin go Cnoc Bhréanainn, ó bhaile an Daingin, ó Lios Póil agus ó Chiarraí Thuaidh. Le linn dúinn a bheith ag déanamh ar Staid Semple landáil bus ó Bhaile na nGall. Ghaibh Pat Coughlan amach agus can folamh Harp ina láimh. “Where is the Hotel please” arsa é linn. Ag súil le strainséirí a bhí sé agus níor thuig go mbeadh an oiread tagtha aniar!

 

Do sheas gach éinne chomh hard is a d’fhéadfaidís agus Amhrán na bhFiann á chanadh agus an clog ag tarrac ar a leathuair tar éis a dó. Bhí an ghruaig ag seasamh ar chúl ár gcinn  le mórtas agus le laochas go raibh ár bhfoireann ag imirt i gcluiche leathcheannais na hÉireann. In ainneoin an fhuachta bhí glór agus béiceach ós na seastáin, moltaí agus eascainní i nGaolainn bhreá bhlasta Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. Ní rabhamar istigh ná amuigh linn féin ag leath ama agus farasbarr de bháide ag muintir Bhleá Cliath orainn. Ag tús an tarna leath agus gan eatarthu ach pointe amháin fuair Naomh Bríd báide gan choinne agus chuir sé sin lagmhisneach orainn. Nuair a chuir fear Mhóintín na Carraige an liathróid isteach an líon phreab gan éinne den suíochán agus sin é an nuair a bhí an bhúireach le clos. As sin amach bhain An Mackeral Céilí Band stracadh as an melodian leis an cheithre scór deireanacha a fuair An Ghaeltacht. Bhí ceiliúradh eile ag tosnú – éacht eile déanta agus turas le déanamh go dtí an ardchathair Lá le Pádraig.

 

Idir an dá linn bhí créatúirí bochta eile fágtha aige baile mar go raibh ainmhithe le aoireacht acu agus gnó le déanamh. B’iontas leis an sagart laghad an phobail a tháinig ag éisteacht le briathar Dé. Bhí an siopadóir ag cnáimhseáil faoin laghad de pháipéirí an Domhnaigh a bhí díolta. Fágadh ba ar an long acre formhór an lae agus ní ghaibh aon mhótar an slí a chuirfeadh isteach orthu. Bhí an dúthaigh formhór tréigthe agus brait agus dathanna na Gaeltachta ar foluain sa ghaoth.

 

Anois agus gan ach laethanta idir sinn féin agus Lá le Pádraig – tá na sceitimíní agus an chorraíl ag brúchtaíl arís. Tá busanna, traenacha, pléineanna agus mótors lán, lóistín curtha in áirithe ar feadh dhá oíche, bailchríoch á chur ar bhratacha, caipíní agus ábhar eile. Is deachair a chreidiúint go bhfuil ár gclub ó Iarthar Duibhneach ar mhór stáitse na caide. Do phobal beag iargúlta fé scáth Chnoc ársa Bhréanainn is mór an éacht agus an gaisce é teacht chomh fada seo. Feicim go bhfuil brat ar gheata an teampaill – beannaíonn na mairbh féin díbh! Gach bliain ar Lá le Pádraig – canaimíd ‘Dóchas linn Naomh Pádraig’. Is é ár ndóchas i mblaina go mbeidh buachtaint an chluiche deireanach seo agaibh. Guímíd gach rath oraibh agus pé rud a tharlaíonn – beirimid buíochas libh as an bhliain iontach!