Cumainn na mBan - Ladies GAA
ó chlé;
Derry O Murchú, Robbie O Grifín agus Grainne Ní Fhlatharta
(Clochar , Baile an Fheirtéaraigh)
Glacann Grainne an cupa ó
Derry do comórtas Páidí O Sé 2001.
Do bhuaidh foireann na mban
Corca Dhuibhne ar fhoireann Scartagleanna ins an cluiche craoibhe.
Bhí an chéad chruinniu ag Cumann Peile Ban
na Gaeltachta ar an 5ú Márta '99, in éineacht le Coiste
Caide na bhFear. Seo a lenas Coiste na mBan:
Cathaoirleach: Áine Uí
Fhlatharta.
Runaí: Áine de Londra.
Cláraitheoir:
Máire Uí Chíobháin.
Gheall Coiste Caide na Gaeltachta go dtabharfaidís
gach aon tacaíocht agus cabhair do na cailíní ó
thaobh úsáid an ghoirt, liathróidí agus airgeadú.
Is iad na cailíní féin a thaispeáin
suim sa chaid agus de bharr go raibh an síol curtha ón mbunscoil,
tá an toradh agus an borradh le feiceáil anois.
Ar an 10 Bealtaine '99 déanadh clárú ar 23 cailíní
don fhoireann sóisear.
Go n-éirí go geal libh, a chailíní