25 Lunasa
Foireann Sinsear
Babhta 10 de Sraith an Chontae Roinn a 1
Aibhistín De Staic 1-15 An Ghaeltacht 0-8
i Connolly Park i dTralí.
Bhí ós cionn 12 imreorí in easnamh ar an oíche
agus fé mar a deireann an scór ní mórán
atá le rá faoin gcluiche.
18 Lunasa
Foireann Sinsear Cluiche Ceathrú Ceannais Craobh Sinsear an Chontae i dTralí
An Ghaeltacht 0-12
Gleann Fleisce 1-8
Scóranna
Aodán Mac Gearailt 0-7 , Darragh O Sé 0-3, Tommy Beag
O Muircheartaigh 0-2
Laoch an Chluiche = Marc O Sé -Ard
a Bhothair
3 Lunasa
Foireann Mionúir
Cluiche Ceathrú Ceannais Craobh an Chontae
Fanaithe na Leamhna 2-13 An Ghaeltacht 0-11. D'
imir na 'minors' go maith ins an chluiche seo i nGallarus ach do bhí
'lads' ó Cill Orglan i bhfad ró laidir doibh i ndeire na
ndála. Fós tá bliain ana mhaith curtha isteach
ag an bhfoireann agus dhá cluiche buaite acu ins an chraobh i mbliana.
Do bhí an ceann is fearr acu ar an Leigiún ó Cill
Airne agus Naomh Breandán ó duíche Tralí.
Tá ana chreidiúnt ag dul go dtí an chlub as an méid
obair a deineadh don cluiche. Bhí clár foilsithe acu leis
an dá fhoireann; rud ná deineann alán clubanna eile.
Chomh maith le sin bhí an páirc caide i mbarr a mhaitheasa
acu.
The club minor team bowed out to laune rangers in the quarter final
of the co. ch'ship last wednesday in Gallarus. They gave it there
all but ultimately Killorglan had too many aces on the night. They
can still look back on the campaign with a certain degree of pride as the
team won two ch'ship games this year and also gave untold experience to
many players. Word of credit to the committee of the club who had a simple
match programme available on the night. Other local organisations find
it hard to even do that for there local divisonal finals!
Foireann Ciarraí Go n-eirí go geal le foireann Ciarraí ar an Satharn i n-aghaidh Ath Cliath, go h-áirithe na ceathrar imreorí ón club agus Páidí é féin.