Tá seacht mbliana caite ag Feargal ag traenáil
na foirne agus má tá seisiún amháin traenála
caillte aige i rith an achair sin ní heol domsa é.
Ba é an comharba nádúrtha é ar na hiarbainisteorí
Séamas Mac Gearailt agus Seán O Beaglaoi nuair a ghlac sé
leis an mbainistíocht i dtosach na bliana. Chuaigh sé
féin agus na roghnoirí eile i mbun a cúram go gairmiúil
agus tá rudaí déanta acu i mbliana a déarfadh
duine a bhí dodhéanta cúpla bliain ó shin,
mar shampla dul leat slí chun bualadh leis na himreorí as
baile i gcomhair traenáil, dul ar thurasanna agus go leor eile.
Tá toradh na hoibre le feiscint agus Corn an Easpag Uí Mhuinneacháin
go caithréimeach in Iarthar Duibhneach i mbliana.
Proinsias O Deargáin (Roghnóir)
Tá ainm Frank Dorgan in airde i measc lucht leanta na peile
i gCiarrai le blianta fada. Bhi iomaire nua á threabhadh ag
an nGaeltacht nuair a ceapadh Proinsias O Deargáin mar roghnóir
agus d’oibrigh sé go hiontach don Chumann, ni nách ionadh
agus an taithi a bhi aige le sárfhoireann Liospóil sna hochtóidi,
é mar roghnóir le foirne fé aois agus sinsear Ciarrai
Thiar thar na blianta. Chuir sé aithne ar roinnt mhaith imreori
Gaeltachta atá féna chúram anois nuair a bhi sé
mar Bhainisteoir/Traenalai ar fhoireann Chiarrai Thiar fé bliain
is fiche. Ba mhaith an roghnú don Ghaeltacht é agus
le dearcadh úrna ón dtaobh amuigh aige chuaigh sé
chun leasa na Gaeltachta fé mar a cruthaiodh coici ó shin
Pádraig O Cinnéide (Roghnóir)
Iarimreoir leis an nGaeltacht agus le Ballymun Kickams is ea Paddy.
Seo an dara bliain mar roghnóir aige. Ba mhaith an mhaise
don Chontae agus don Ghaeltacht é gur fhill sé ó Londain
agus ó Baile Atha Cliath ar a fhód duchais. Conas a
shamhlofá a mhac Ciarán iarimreoir na Gaeltachta atá
i Meiriceá anois nó Dara mar imreoiri leis na Dubs?
Bhi Paddy an-ghniomhach le peil fé aois sa Ghaeltacht agus chaith
sé ceithre bliana déag i dteannta Liam O Rócháin
leis na foirne fé aois sin. Tá curtha go mór
aige le dul chun cinn na Gaeltachta.
Tomás O Lúing (Roghnóir)
D’imir sé a pheil fé aois leis an nGaeltacht le linn
ré glórmhar an Chanónaigh Jackie Mac Ginneá
i dtús na gcaogaidi. Scriobhadh mar gheall air. ‘ An Fear
mórchroioch go n-imriodh roghnóiri Chiarrai in aon bhall
don ghort é gur dhóigh leo go raibh neart, mire agus cumas
ag teastáil. Bhi sé thar barr mar chúlai, thosai,
nó i lár an ghoirt.’ Nuair a d’imir An Ghaeltacht i
gcoinne Ciarrai Theas i nGallarus don chéad uair riamh sa
bhliain 1999 scriobh sé sa chlár, “ Inniu…. Tá caibidil
nua staire á scriobh” is beag a shil sé go mbeadh a ghualainn
féin le roth an chaibidil sin.