Is mise Carl Ó Briain. Tá mé cúig bliana déag d`aois. Is breá liom ag imirt iománaíochta. Imrím le Croimghlinn. Imrím Peil Ghaelach le Gaeil Shéamais/Emmets. Is iad Baile Átha Cliath an fhoireann is fearr liom. Rugadh mé i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1984.

Scileanna na Beatha: Is é an tUasal Moon a thugann na ranganna seo. Rud mór is ea é anois - tá sé an-tábhachtach agus deir sé go gcaithfimid foghlaim conas cinneadh a dhéanamh. Seo na rudaí móra sa saol dar leis. Níl an t-ábhar seo ró-spéisiúil, dar liom Rang amháin sa tseachtain a bhíonn againn ar an Máirt. Ní bhíonn aon rud le scríobh againn - Caint an rud ar fad.