I mbliana phéinteálamar boird a bhí déanta ag an dream a bhí anseo an bhliain seo caite. Bhíomar ag plé leis an nóisean - "SPÁS" - chuireamar pictiúr den Chaisleán ar an mballa sa seomra ranga. Agus mhaisíomar é le crainn agus le colúin. Os cionn an Chláir Dhuibh chuireamar na focail - "An Idirbhliain" - agus tá sé i gceist againn sraith de nótaí ceoil a phéinteáil os cionn an phianó.