Ole Gunnar Solskjær![]() |
||||||||||||||||||||||
Chuaigh Ole Gunnar Solskjær ón bhfoireann Ioruach go dtí an Premier League” le Molde sa bhliain 1995. De dheasca an dul chun cinn seo fuair sé áit ar an bhfoireann náisiúnta, agus níorbh fhada go raibh foine móra na hEorpa ag léiriú suime ann. Bhí an lipéad air: "Alan Shearer na hIoruaidhe." Cheannaigh Alex Ferguson Solskjær sa samhradh 1996 ar £1.6m. Fuair sé cúl sa céad chluiche lena fhoireann nua agus bhí sé ar an bhfear is mó cúl faoi deireadh na bliana le 19 gcúl. Fuair sé a áit ar fhoireann idirnáisiúnta na hIoruaidhe, bhuaigh sé bonn chraobh na léige sa chéad séasúr agus chabhraigh sé le United dul chomh fada leis an gcluiche leathcheannais de Chorn na hEorpa, fuair sé cúl sa chluiche in aghaidh Borussia Dortmund, ach bhí an cúl curtha ar ceal nuair a chonaic an réiteoir feall nach bhfaca éinne eile. D`imir Ole leis an Ioruaidh i gCorn an Domhain 1998, ag imirt 3 chluichí agus chuaigh na "Vikings" go dtí babhta a dó ach theip orthu sa chomórtas leis an Iodáil. Ag tús 1998/99 chuaigh an t-iomrá amach go raibh sé ag imeacht ó Old Trafford nuair a tháinig Dwight Yorke. Fuair sé bua drámata in aghaidh Liverpool sa cheathrú babhta de Chorn an FA, thuill Solskjær glóir agus gradam agus fuair sé an t-ainm 'super sub' den chéad uair. Dhá seachtain ina dhiaidh sin chuaigh Solskjær isteach i leabhar na gcuriarrachtaí, nuair a chuaigh sé ar an bpáirc mar ionadaí arís, in aghaidh Nottingham Forest ag an City Ground. Fuair sé ceithre chúl sa chluiche (8-1 an toradh!) agus chruthaigh sé cuntas nua sa Premiership ar chluiche as baile. Éacht a bhí sa rud seo – 4 chúl laistigh de 13 nóiméad, bhí daoine ag iarraidh a fháil amach an ndearnadh a leithéid riamh roimh sin agus is cosúil nach ndearnadh agus mar sin tá giota beag staire cruthaithe aige sa sacar. D'ainneoin an éacht seo, is minic a thosaigh Solskjær cluiche ina shuí ar an mbinse . Bhain sé a áit amach sa chéad XI chun cluiche ceannais Chorn an FA a bhuachan ar Newcastle agus bhí sé ar an mbinse arís sa chluiche ceannais in aghaidh Bayern Munich I Léig na Seaimpíní. Arís tógadh Solskjær ón mbinse agus rinne sé an gnó. Thosaigh lucht leanúna United a bhí ag freastal ar an gcluiche I mBarcelona ag canadh "who put the ball in the Germans' net?" Ar an 4ú lá de Nollag 1999, ba é Ole an chéad imreoir le 4 chúl a scóráil in dhá chluichí dhifriúla de chuid an Premiership. Anuas ar a éacht ag Forest mí Feabhra, fuair sé 4 chúl in aghaidh Everton sa chluiche ag Old Trafford (5-1 an toradh ansin). Cúig chúl déag ón bhfear a thosaíonn ar an mbinse de ghnáth, b`shin toradh iontach ar shaothar dhuine a thosaigh cluiche agus a tháinig ar an bpáirc mar ionadaí 21 uair, ach fós bhíodar ag caint ar an bhfear seo ag imeacht as Old Trafford. Léirigh Spurs agus Leeds suim sa pheileadóir Ioruach idirnáisiúnta, ach ag deireadh 1999/2000 chuir sé in iúl go mba mhaith leis fanacht sa chlub go dtí go mbeidh sé 33! I lár 1999/2000, d`fhógair Ole go raibh sé féin agus a bhanchara Silje ag súil le duine clainne.Rugadh Noah ar an 9ú Meitheamh 2000, díreach sular thosaigh Euro 2000 agus bhí sé ag imirt leis an Ioruaidh. Níor stop an t-ainm 'supersub' sa séasúr 2000/2001 .Fuair sé trí chúl déag an séasúr sin agus ní raibh ach trí cinn díobh siúd i gceist tar éis dó teacht isteach ón mbinse. Fós, ós rud é gur bhuaigh na cúil áirithe sin an bua don bhfoireann, lean an leasainm é. Tá scil áirithe i gceist nuair is féidir le duine teacht isteach ón mbinse ar luas cruinn an chluiche agus léirigh sé an scil sin go seoigh sa chluiche in aghaidh Charlton in Aibreán 2001. Bhí an dá fhoireann ar comhscór 1-1 nuair a tháinig Ole ar an pairc agus bhuaigh sé an chluche do na "Reds" gan ach ocht nóiméad le himirt. Ina dhiaidh sin thug Sir Alex air, "The best substitute ever." Fuair sé moladh freisin ó Sir Bobby Charlton, dúirt sé,"I don’t know anybody who makes up his mind quicker than him. I am not just talking about strikers in the modern game - I have never seen anyone like him in the modern era. He's amazing." Fuair Ole ceithre bhonn Premiership le United, chun dul leis na boinn Chorn an FA Chorn na hEorpa, agus chríochnaigh sé an seasúr tar éis bheith ar an bpáirc imeartha dhá chéad uair. Chuir Ole a ainm le fadú ar a chonradh mí an Mheithimh 2001 a chinntigh go mbeidh sé ag imirt ag Old Trafford go dtí Meitheamh 2006. |
||||||||||||||||||||||
,
|