An Fear SárNaofa
Ailéin Ó Nuallain
Cluiche Iontach a Chonaic Mé
![]() Club Lúthchleasach Naomh Pádraig |
Imríonn Club Naomh Padraig i bPáirc Richmond. Tá mé ag leanúint Pat`s le naoi mbliana anuas. An cluiche is mó a thaitin liom riamh ná an ceann a d’imir siad i gCill Chainnigh sa chluiche deireanach den séasúr 1998/99. Bhí Pats sa dara háit roimh an gcluiche i gCill Chainnigh, bhí Shelbourne ar barr an tábla le pointe. Bhí sé go leir ag brath ar an gcluiche deiridh seo. Bhí St Pats ag dul chuig Chill Chainnigh agus bhí Shels ag dul chuig Dún Dealgan. As an bpointe seo, ba iad Shels rogha na coitiantachta chun an tsraith a thógaint. Ach d`fhéadfadh rud ar bith tarlú. Bhí Pats ag imirt go maith ag dul isteach sa chluiche deireanach seo a raibh orthu buachaint agus súil acu go ndéanfadh praiseach in aghaidh Dún Dealgan. Nuair a thosaigh an cluiche, ní raibh aon rud le cloisteáil ach canadh ar thaobh Pats den Pháirc. Níor stop an canadh riamh i rith an nócha nóiméid. Bhí an t-atmaisféar go hiontach. Chuaigh Cill Chainnigh chun tosaigh sa chéad chuid den chluiche agus bhí sé an-deacair teacht ar ais sa chluiche. Bhí St. Pats ag imirt go maith ach fós bhí sé deacair chun na cúlaithe a shárú. Ag deireadh an chéad leath, chualamar go raibh Dun Dealgain 1-0 chun tosaigh ar Shels. Chuaigh an slua le báiní. Bhí a fhios againn ansin go raibh seans againn an tsraith a bhuachaint. Bhí orainn teacht amach sa dara leath agus a imirt chomh maith agus a d’imríomar riamh. Tháinig an dá fhoireann amach don dara leath lán fuinnimh. Bhí an chéad seans ag Pats cúl a fháil nuair a bhuail cúlbáire Chill Chainnigh an liathróid mícheart agus chuaigh sé díreach go dtí Ian Gilzean ach chuir sé thar an trasnán é. Fuair Pats cúl sa chúigiú nóiméad is fiche sa dara leath agus bhí na foirne cothrom. D’fhag sé seo seans iontach againn chun an tsraith a bhuachaint agus Shels ag cailliúint 1-0 i nDún Dealgain. Bhí deich nóiméad fagtha sa chluiche agus chualamar scéala go raibh Shels tar éis cúl a fháil. Chuaigh an scéal seo chomh fada leis na himreoirí ar an bpáirc. Tháinig Pats amach agus fuair siad cúl eile sa chúig nóiméad deiridh. Bhí cluiche Shels críochnaithe agus ní raibh orainn le déanamh ach an scór a choinneáil mar a bhí sé. Ba iad an trí nóiméad deireanach sin na nóiméid is faide agus is measa sa chluiche. Ní rabhamar ábalta an liathróid a choimeád as an áit pionóis. Faoi dheireadh, séideadh an fheadóg deiridh. Rith gach duine amach ar an bpáirc le sceitimíní. Fuair foireann Pats an corn tar éis an chluiche. Bhí áthas an domhain ar gach duine. Bhí an corn tuillte ag an bhfoireann le bua iontach ar Chill Chainnigh sa cluiche deiridh den séasúr. |