
Is mise Deaglán Ó Broin. Tá mé cúig bliana déag d`aois. Is maith liom an scoil ach ní maith liom ag obair!.
I mbliana thosaíomar ag díol ceapairí.
Gach maidin téimid timpeall na seomraí ranga ag tógáil orduithe.
Tugann na scoláirí an t-airgead dúinn agus scríobhaimid síos
an cineál ceapaire atá uathu.
Téimid amach go dtí an siopa síos an bóthar - an COCONUT
agus tugaimid an t-ordú don siopadóir.
Ar a 12 a chlog téimid síos go dtí an siopa arís
agus bailímid na ceapairí agus na rollaí.
Tugann na daltaí na ticéid dúinn
agus tugaimid na rollaí dóibh.
Coinnímid an brabús agus roinnimid é.
Sin é mo scéal.