Cuid lárnach den Idirbhliain is ea an Taithí Oibre. Bíonn dhá bhabhta den Taithí Oibre againn. Muid féin a roghnaíonn an obair an chéad uair agus roghnaigh mise post sa scoil speisialta i dTamhlacht - Scoil Sheosaimh. Páistí mall-intinneacha atá ann agus bhi naonúr sa rang agam. Bhí mise ag cabhrú leis an múinteoir - an tUasal Breatnach. Thug mé cúnamh dóibh leis an léitheoireacht agus le cúrsaí Mataimaitice. Thaitin sé go mór liom Ba bhreá liom obair ann go lán-aimseartha. Beimid ag dul amach ar an taithí oibre arís Mí Bhealtaine. Is iad na múinteoirí a roghnóidh na postanna dúinn an uair seo.