Is mise Eoin Ó Maolalaidh. Tá mé cúig bliana déag d`aois. Is breá liom carranna. Caithim mo chuid saorama ag kartáil agus ag snámh. Is maith liom ceol, cailíní agus N64. Ní maith liom scoil ná daoine a chuireann isteach orm ná polaiteoirí. Bím déanach go minic.

An chéad bhabhta den Taithí Oibre bhí orm féin an post a fháil. Suas liom go dtí an Garáiste - Long Mile Cars - agus labhair me leis an mBainisteoir - Pat White . Rinne mé obair pháirt-aimseartha ansin cheana. Bhí sé sásta jab a thabhairt dom ag díol carranna. Tá an Garáiste suite ar Bhóthar an Mhíle Fhada - timpeall an chúinne ó mo theach - an-áisiúil! Thaitin an obair liom Is breá liom carranna nua!