Chuaigh ár rang ag curachóireacht Mí Mheán Fhómhair ar feadh cúpla seachtaine. D`fhoghlaimíomar na buillí uile. Amuigh ar Abhainn an Life a bhíomar thuas ag na Strawberry Beds., Chuamar ann ar an mbus Bhí an-chraic againn ag dul suas síos, ag titim isteach san uisce anois is arís Chaitheamar sé seachtaine san iomlán ar an gcúrsa. Dé Luain san iarnóin a bhíodh na ranganna seo againn. Ní cuimhin liom anois cén t-ainm a bhí ar an traenálaí. Bhí sé spéisiúil agus scanrúil go háirithe agus muid ag dul thar eas. Bhain mé an-taitneamh as.