Is mise Vernon Ó Cinnéide. Tá mé cúig bliana déag d`aois. Is breá liom ag imirt cispheile agus rugbaí. Is iad Manchester Utd. an fhoireann is fearr liom. Is breá liom Eminem. Tugtar Kenno orm mar leasainm

San Idirbhliain bíonn seans againn go leor rudaí spéisiúla a dhéanamh. Téimid ar thurasanna timpeall na tíre. Tugaimid cuairt ar áiteanna spéisiúla i mBaile Átha Cliath agus anois is arís iarrtar orainn rud áirithe speisialta a dhéanamh agus ní gá dúinn freastal ar ranganna mar gheall air. Faoi láthair tá me ag obair leis an Uasal Price. Tá me ag dearadh agus ag péinteáil cárta Ceilteach lena chur go dtí an Cairdinéal nua. Tá dúch Indiach in úsáid agam don líníocht. Ansin gearrfaidh mé amach é agus greamóidh me den chárta é.