Is mise Marcas Brian Ó Cionnaith. Tá mé cúig bliana déag d`aois. Is maith liom ag imirt sacair agus ag féachaint ar an teilifís. Is breá liom Sarah Michelle Gellar

Eagraíocht do pháistí mí-chumasacha is ea "The BUBBLEGUM CLUB" Chabhraigh mé leo um Nollaig. Cuireann an Eagraíocht cóisreacha ar fáil um Nollaig agus tugann siad amach bronntanais. Tagann na páistí agus feiceann siad Santy. Tagann Santy ar an láthair in Inneall Dóiteáin leis an clog ag bualadh. Bhí an chóisir sa Chaisleán againn i mbliana. Bhí mise ag cabhrú le Santy. Thug mé na bronntanais dó agus bhronn seisean ar na páistí iad. Bhí baint ag an rang go léir san obair seo. Bhí bia ar fáil agus deochanna do na páistí. Chabhraíomar leis an mbia freisin. Bhí tine ar lasadh mar bhí sé an-fhuar sa Chaisleán. Bhí na páistí an-sásta. B`fhiú é.