micheál
  • Dia Duit! Micheál is ainm dom.
  • Tá mé cúig bliana déag d'aois.
  • Tá mé i mo chónaí i gCluain Dolcáin.
  • Caisleán Druimnigh is ainm do mo scoil.
  • Imrím peil Ghaelach leis an gClub "Gaeil Shéamais" agus imrím sacar le Gort na Silíní.
  • Is maith liom an galf.
  • Tá me cúig throigh agus aon orlach déag ar airde agus aon chloch déag meáchain.
  • Is maith liom ceol. Is breá liom Aerosmith
Tá mé i mo chónaí i gCluain Dolcáin, Baile Atha Cliath 22. Tá cloigtheach síos an bóthar. Timpeall an chúinne tá Páirc Chorca agus ionad pobail. Suas an bóthar tá an linn snámha agus club peil ghaelach "Round Towers" - Cumann Peile an Chloigthí. Tá mo chairde in a gcónaí suas an bóthar. Is maith liom an snucar - tá an halla snúcar síos an bóthar agus tá páirc peile ann ag "Cherrywood Celtic". Ritheann abhainn na Camóige tríd an mbaile.