I mbliana tá a lán ábhar nua á ndéanamh againn. Thosaíomar ag foghlaim an cheoil ag tús na bliana. Múinteoir ón taobh amuigh atá againn - an tUasal Mac an Bhaird. Táimid ag foghlaim an ghiotáir. Gach Máirt bíonn rang dúbalta againn ag tosú ar a naoi a chlog. Is breá linn é. Bímid ag canadh agus ag seinm amhrán nua as na cairteacha. Tugann an múinteoir 6 ghiotár isteach leis. Críochnaíonn an rang ag fiche tar éis a deich. Foghlaimímid amhrán nua gach seachtain. Is breá liom é.