QUIZ  Déardaoin 9 Samhain 2000

Babhta 1

1. George W. Bush - cad chuige an W?

2. Rugadh leaid óg darb ainm Dylan Michael le déanaí.  Ainmnigh a mháthair.

3. Cén baile i gCiarraí ina mbíonn Aonach an Phuic ar siúl?

4. Rudaí a chur in aice lena chéile go healaíonta - tá ainm Síneach air sin - cad é?

5. "Body II Body" is ainm don dara ceirnín ón gcailín seo.  Cé hi?

6. Cén TD a dhiúltaigh dul os comhair Bhinse Fiosruithe Flood?

Babhta 2

1. Cén chathair i Meiriceá ina bhfuil na scannáin "Lethal Weapon" suite?

2. Ainmnigh an abhainn a ritheann trí chathair Londain

3. Na sléibhte a sheasann idir an Fhrainc agus an Spáin

4. Cén rás mór capall a ritheadh san Astráil an tseachtain seo?

5. Gore, Bush - cén páirtí polaitíochta lenar mbaineann siad?

6. Bhí fear eile ar an gclár sa toghchán uachtarantachta i Meiricea ag seasamh do na Glasaigh. Cé hé?

Babhta 3

1. Ghnóthaigh Hillary Clinton suíochán sa Seanad thall  inné.  Cén chathair a thogh í?

2. Bhí péire ar an ticéad i ngach cás - cé bhí ag rith le Gore nó le Bush?

3. Rinneadh obráid mhór an lá cheana ar chúpla ceangailte chun iad a scaradh óna chéile. Fuair Mary bás.  Cén t-ainm a bhí ar an leathchúpla eile?

4. Amuigh ag an aerfort Dé Luain seo caite, bhí eitleán de chuid Aer Lingus ag teacht anuas nuair a fuair siad eitleán eile rompu ar an rúidbhealach.  D`éirigh leo dul in airde arís gan stró.  Cén chomhlacht eitleoireachta eile a bhí i gceist?

5. Cén dara hainm atá ag Hillary Clinton?

6. Bhuaigh an scríbhneoir Canadach Margaret Atwood duais mhór an lá cheana - cén duais?

Babhta 4

Babhta 5

 1.  Bhí raic ann tamall ó shin faoi alt a scríobh an bhean seo Mary Ellen Synon faoi na lúthchleasaithe parailimpeacha.  Cén páipéar?

2. Tá eagla ar fhear an phoist dul timpeall lena chuid litreacha in áit darb ainm Páirc Uí Mháille gan gharda  bheith in éineacht leis faoi láthair i gcathair áirithe.  Cén chathair?

3. Bhuaigh Mel Carnahan suíochán sa toghchán i Meiriceá.  Cad tá aisteach faoi sin?

4. Leeds 1 - 1 AC Milan.  aréir sa San Siro.  Cé fuair an cúl do Leeds?

5. Cén contae ina bhfuil Caisleán an Bharraigh?

6. Tá Jimmy Barry-Murphy éirithe as a phost mar bhainisteoir ar fhoireann iomána Chontae .....?

Freagrai ar an QUIZ seo