QUIZ * An Idirbhliain * Dé hAoine 8 Deireadh Fómhair 1999

BABHTA 1
1. Cén chontae a bhuaigh Peil na mBan an Domhnach seo caite? FREAGRA
2. Cén baile ina bhfuil Aonach na gCapall ar siúl faoi láthair? FREAGRA
3. Ainmnigh Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí. FREAGRA
4. Ainmnigh an scannán nua atá ar taispeáint i mBaile Átha Cliath faoi láthair ina bhfuil na haisteoirí John Travolta agus James Woods. FREAGRA
5. Cuntais Ansbacher - cén grúpa oileán ina bhfuil na cuntais úd i dtaisce? FREAGRA
6. Peil - Corn Mhig Uidhir: Iomáint: Corn ??? FREAGRA

BABHTA 2
1. Ainmnigh an t-amhránaí mór a bhí ag casadh i mBaile na Sláine i mbliana. FREAGRA
2. Cad é an focal atá in easnamh - "Ace Ventura -----Detective"? FREAGRA
3. Ainmnigh an láithreoir de chuid an BBC a maraíodh lasmuigh dá doras féin i Londain cúpla mí ó shin. FREAGRA
4. Bhuaigh Sasana Corn an Domhain sa bhliain 1966. Fuair bainisteoir na foirne sin bás i mbliana. Cérbh é? FREAGRA
5. Is amhránaí é Gruff Rhys - Cén grúpa ceoil? FREAGRA
6. De réir an Bhíobla, cad é an rud a chríochnaigh ar shléibhte Ararat? FREAGRA

BABHTA 3
1. Cén bhliain ar tharla tubaiste Chernobyl? FREAGRA
2. Cá bhfuil Féile an Oireachtais i mbliana? FREAGRA
3. Sa bhFrainc bíonn comóradh mór acu i gcuimhne ar Réabhlóid na Fraince - Lá an Bastille, a thugtar air. Cén dáta é sin? FREAGRA
4. Tá Raidió lán-Ghaelach ag craoladh anseo i mBaile Átha Cliath le cúpla bliain anuas - cén t-ainm atá ar an stáisiún raidió sin? FREAGRA
5. Ainmnigh an tAire Oideachais. FREAGRA
6. Cad é an litir dheireanach in Aibítir na Gréige? FREAGRA

BABHTA 4 - Cé hiad na daoine seo?


BABHTA 5
1. Tharla timpiste mhór traenach i Londain an tseachtain seo - Cén stáisiún traenach? FREAGRA
2. Cár tógadh an Titanic? FREAGRA
3. Cén áit inar thosaigh an CLG sa bhliain 1884? FREAGRA
4. Tá contae amháin in Éirinn nach bhfuil in aice le contae a bhfuil cósta aige. FREAGRA
5. Cén contae ina bhfuil Clár Chlainne Mhuiris? FREAGRA
6. Bhí An Chraobh Treafa ar siúl an tseachtain seo caite - Cén contae? FREAGRA

QUIZ 8 FREAGRAÍ