Ceann de na hábhair nua atá agam i mbliana is ea an Gairmeolas. An tUasal Ó Cuinn atá ag tabhairt na ranganna seo. Is maith liom an t-ábhar seo. Rang amháin a bhíonn againn in aghaidh na seachtaine Chuamar amach go dtí an Taispeántas EXPO san RTC i dTamhlacht. Mhol siad dúinn bheith ag staidéar ar scoil. Tá sé de dhualgas orainn tosú ag lorg postanna. Is cúnamh maith é an Taithí Oibre sa chás seo.