Turas go dtí an Réadlann i gCaisleán na Carraige Duibhe

 

Ar an Mháirt, an 12ú lá de mhí Feabhra 2008, chuaigh Rang 5 ar thuras chuig an réadlann i gCaisleán na Charraig Dhuibhe i gCorcaigh. Bhí an rang ag glacadh páirt ins an imeacht ‘Engineered! A week of Wonders!’.
Chuamar ar an mbus agus chuaigh an mhúinteoir agus an rúnaí scoile linn. Shroicheamar an réadlann ar deich nóiméad chun meanlae agus thosaigh an rang ar meánlae. Alan ab ea an t-ainm a bhí ar an múinteoir a bhí againn don rang seo. Bhíomar ag foghlaim faoi chiorcaid agus ag déanamh ciorcaid. Bhíomar curtha i ngrúpaí agus tugadh pacáiste dúinn le h-ábhair chun ciorcaid a dhéanamh. D’úsáideamar ceallaire, bolgán agus nascanna chun chiorcaid a dhéanamh agus chuireamar isteach voltmhéadair chun an méid aibhléise a bhí ag rith tríd an ciorcaid a thomhas. Bhí sé an suimiúil ar fad. D’fhoghlaimíomar, má tá aon bhriseadh sa chiorcaid ní oibreoidh sé. Thaispeán Alan na ciorcaid go léir dúinn ar an gclár bán agus bhí orainn iad a leanúint. Bhí sé go maith chun a bheith ag obair i ngrúpa mar bhíomar in ann ar smaointí ar fad a chur le chéile. Chríochnaigh an rang ar meánlae agus chuireamar gach rud thar n-ais in ár ndiaidh. Fuaireamar teastas as ucht glacadh páirt agus thóg ár múinteoir roinnt mhaith ghrianghrafanna. Bhaineamar ard taitneamh as bheith ag obair mar eolaithe.

(Chloe– Rang 5)