AN STOIRM
le ADAM - Rang 5

Seachtain ó shin bhí sé dhá lá ó óiche nollag.Bhí mo Mhamaí agus mo Dhaidí ag dul amach.Bhí feighlí i bhfeighil orainn.Bhíomar ag féachaint ar an teilifís agus bhí an feighlí ag déanamh ceapairí.Bhí sé stoirmiúil amuigh.Bhí an teilifís ag preabadh.Chuamar amach go dtí an chistin.Bhí an feighlí ag caint le fear agus bhí gunna aige.Thosaigh mo dheirfúir ag béiceadh agus ritheamar suas an staighre.Rith an fear suas an staighre freisin.Fuair mé mo fón ach thóg an fear é.Fuair sé a gunna agus dúirt sé linn dul thíos staighre.Chuamar síos an staighre agus dúirt an feighlí go raibh an fear pósta léi.Bhí siad ag lorg páistí chun iad a mharú. Bhí siad chun ár bhfuil a ól agus ár bhfeoil a ithe.
CANNIBALS AB EA IAD !!
Thosaigh an fear ag chuir téad timpeall orainn.Thosaigh an feighlí agus an fear ag caint ansin.Fuair an fear scian agus thosaigh sé ag gearradh an teilifón agus bhris sé mo fón.Ansin thóg mé mo scian as mo phóca agus chuir mé é síos mo stoca.Fuair an fear agus an feighlí beoir san cuisneoir agus i gceann tamaill bhí siad ar meisce,thosaigh an fear ag caint leis féin. Bhí siad ag siúl timpeall le haghaidh tamaill fada agus ansin thit siad ar an dtalamh.Thóg mé amach mo scian agus thosaigh mé ag gearradh an téad.Rith mé suas an staighre go dtí an teilifón.Ach gearr sé é sin freisin.Thit mé ar an dtalamh. Bhuail mé i gcoinne lampa agus bhris mé é.D’éirigh an fear agus an feighlí suas.Rith an fear suas agus chuir sé an téad timpeall orainn arís.Bhí sé chun mé a mharú. Ach ansin tháinig tintreach.Bhuail sé an fear.Bhí sé marbh. Ansin tháinig na gardaí agus thóg siad an feighlí.Ar an deireadh bhí an t-ádh linn go raibh stoirm ann.

 

<<BACK