Gaelscoil Choráin 1983 - 2003

Fiche bliain ag fás !

Tá Eochaill suite cois farraige, áit ina ritheann an Abha Mhór isteach san Aigeán Atlantach.
Baile fíor stairiúil is ea í. Bhí sí mar longfort ag na Lochlannaigh. Ina dhiadh sin, do thóg na Normannaigh fallaí an bhaile, Caisleán Tynte, agus an Túr- Chloigh atá ar chártaí poist na hEochaille. Bhí mairnéalaigh ag teacht an treo ó thús agus inniu fiú amháin tagann longanna guail isteach lena gcuid lasta agus lón.

Is anseo i nEochaill go raibh tailte fairsing ag Walter Raleigh. Tá a thigh conáithe le feiscint fós i Sráid na hEaglaise, áit ina bhfuil roinnt crainn iúir fós. Is ón gcrann iúr a fuair Eochaill a h-ainm Eo-choill, nó Yew-Wood. Deirtear gur chum an file Walter Spenser a ceann dá mhór dhánta “ The Fairie Queen” anseo.

Le tionchar na Gaill agus ina dhiaidh sin, na Sasanaigh, fuair an cultúr iasachta ó Shasana an lámh in uachtar insan mbaile féin, ní nach ionadh.

Fós do bhí ceanntar máguaird láidir sa chultúr gaelach. Ar thaobh amháin tá Baile Mhíc Óda, áit ina raibh an traidisiún an láidir. Ce nár chuala faoi Séamas Mac Muiris Mac Gearailt, Iarla Deasmhuman. Bhí Baile Mhic Óda ina breac- ghaeltacht suas go dtí na triochaidí insan 20ú aois. Fuair an cainteoir duchais deireannach Risteárd Ó Drisceoil bás ann i 1994. Tá a gior gharmhac Corán Ó Muiris ag freastal ar an ngaelscoil i láthair na huaire.. Sin dúchas agus leanúnachas!! Tá an t-ainm Corán aige taréis Naomh Córan, a bhí ag craobhscaoileadh an chreideamh agus i gceanntar na h-Eochaille tráth.
Deirtear gur anseo a bhí an chéad ollscoil nó coláiste, fé stiuir Naomh Corán, hence St. Mary’s Collegiate Church.

I 1967 ní raibh aon oifig ‘dole’ ar an mbaile. Is amhlaidh go raibh daoine ag teacht chun conaí anseo de bharr Youghal Carpets agus Murray Kitchens. B’shin nuair gurab fiú pingin nó leathphingin, nó feoirling fiú (Caithfidh go bhfuil an t-udar seo an aosta!!)
Ag dul ar aghaidh chuig na h-ochtaidí taréis titim ollmhór san áit ó thaobh fostaíocht de thosnaigh daoine ag féachaint ar na rudaí tabhachtacha nár chóir a scaoileadh uatha. Bhí an chreideamh ann ar ndóigh, ach cad faoin gcultúr?

Bhuaigh Baile na hEochaille duais náisiúnta Ghlór na nGael i 1975. As san d’fhás dhá naíonra lán-ghaelach fé stiúir beirt ó cheanntracha gaeltachta Bríd Bn. Uí Dhúill as Cúil Aodha agus Aingeal Bn. Uí Dhomhnaill ón tSean-Phobal. Taréis mór-chuid cruinnithe chuige bunaíodh gaelscoil i Meán Fomháir 1983, le cathaoirleach cumasach, ciallmhar, An tUas. Liam Ó Laochdha. Tá Liam ag feidhmiú fós mar Phríomh-Oide Tainisteach i gColáite Eoin, áit ina bhfuil Aonad lán ghaelach.

D’óscail dóirse na scoile(ní raibh aon geata ann) ar an 5.9.1983, le príomhoide nua cheaptha Seán Ó Murchú, as Fionn Trá, i gCorca Dhuibhne, le cúntoir Siobhán de Paor as Cathair Phort Láirge. Bhí tosnú an-láidir déanta le 32 páiste ar rollaí na scoile agus i bhfoirgneamh a bhí cluthair i sean- cheárd scoil i Sráid na h-Eaglaise.

Seachas ábhair acadúla, cuireadh an bhéim ar chursaí drámaíochta insan scoil. Tá coirm cheoil ar siúl gach uile bhliain ó 1983 gan briseadh. Éacht ann féin. Le béim ar imeachtaí stáitse, d’ullmhaigh múinteoirí eagsúla iad le haghaidh Slógadh, i gcór, scéalaíocht, bailéad – ghrúpa, ealaoín agallamh beirte srl. Bhí mór chuid taisteal, am agus reamh-ullumhuchár ag baint leis seo le craohacha aitiúla, réigiunacha agus náisiúnta. Do thug an scoil Craobh na h-Eireann abhaile leo ón Muileann gCearr agus as Inis dha bhabhta i gceoldrámaíocht agus i rince seit. Gach moladh tuillte ag an bhfoireann teagaisc a d’ullmhaigh iad, don taisteal, féitheoireacht. Spreag na h-imeachtaí seo gach éinne agus deineann fós. Sé Coirmcheol na Nollag croí lár cursaí dramaíochta insan scoil agus cuireann an fhoireann teagaisc an chuid fuinneamh agus am isteach ann.

Tá an bhéim ar chúrsaí cluichí freisin, agus mar ghaelscoil faigheann na cluichí gaelacha tús áite. Teánn mórchuid ama, airgead, agus allas isteach sa chúram. Tá toradh air seo, áit inar bhain an scoil craobh an chontae amach deich bhabhta le blianta beaga anuas, idir peil, iomanaíocht, sacar agus camógaíocht. Ó thaobh cúrsaí spóirt do bheadh sé deacair é sin a sharú.

“Mol an Oige” motto na scoile agus tá seo le feiscint i réimse leathan a nchuraclam mór thimpeall na scoile. Bionn béim ar chursaí rince agus ealaíon freisin, leis na páisti páirteach i gcomortaisí scoile, áitiúla agus náisiúnta. Tá ranganna giotár ar siúl sa scoil le fada agus éileamh mór orthu. Faigheann na páistí ceachtanna snámh chomh maith i luthchleasaíocht agus rugbaí. Nár bhreá an lá a bheith ar ais ar scoil an seo - mar dhalta!!

Chuaigh an scoil ó neart go neart le rang iomlán ag teacht isteach gach bliain, agus múinteoir a cheapadh gach bliain freisin. Bhí ós cionn 250 dalta le hochtar múinteoir ag freastal ar an scoil i 1992-1993. Chuir sin an bhrú ar gach éinne mar ní raibh cúrsaí cóiríochta oiriúnach don slua mór a bhí ag freastal ar an scoil. Taréís comhnascadh idir na scoileanna áitiúla, do chuir an Roinn Oideachais foirgneamh Scoil na mBraithre ag fáil i 1997.

Do thug Uachtarán na h-Éireann cuairt ar an ngaelscoil i 1991. Fuaireamar misneach agus spreagadh uaithi mar go labhair sí go láidir, óna croí, faoin teanga agus an cultúr gaelach.
Do chuir gach éinne an chuid fuinneamh agus smaoineamh isteach sa scoil, tuistí, múinteoirí agus cairde na scoile. Níl amhras ar bith go raibh ról fíorthabhachtach ag Cathaoirleach an Bhoird, sé sin an t-Uas. Liam Ó Laochdha. Bhí sé a lár an aonaigh, nó i lár na páirce, mar Chathaoirleach an feadh ceithre mbliana deág. Is iomaí faidhb a bhí air réiteach. Do thug sé mór chuid ama don scoil, mar Chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta agus mar thuiste chomh maith. Do dhein sé gach rud go fial agus go fonnmhar. Míle buíochas duit a Liam, agus duitse a Mhaighreád mar go raibh Liam ar iasacht ag an scoil don tréimhse sin.

Tríd na blianta, do thug Uachtarán C.L.G. Paddy Buggy cuairt ar an ngaelscoil agus do bhuail Michéal Ó Muircheartaigh isteach chugainn chomh maith. Thugamar cuairt ar Áras an Uachtaráin agus bhuaileamar lenár nUachtarán Mary Mc Aleese. (Máire Mac Giolla Íosa).

I lathair na h-uaire tá triúr múinteoir déag, runaí airíoch agus cuntóir ranga ag feidhmiú insan scoil. Táimid lán go doras o thaobh daltaí de, Buíochas le Dia. Cé go bhfuil gá le breis seomraí tá an t-ádh linn go bhfuil ionad fíor-álainn againn cois sáile. Is feidir breith ar bhreac ó chlós na scoile!! Níl scoil sa tír atá níos cóngaraí don bhfarraige.

Sá lá atá inniu ann, tá obair scoile agus daltaí scoile dúshlánach, go háirithe ó thaobh iompar de. Tríd is tríd, tá ag eirí linn. Déinimíd iarracht ar leith an scoil a ghaelú chomh mór agus is féidir linn. Cinnte bíonn ár ndaltaí líofa insan dara teanga ag fágaint na scoile. Deintear é seo cheiliúradh nuair a fhágann Rang VI, áit ina bhfaigheann siad an Fáinne Airgid. Eochaill Abú.

“Mol an Óige agus tiocfaidh sí”

Seán Ó Murchú, Príomh Oide