Camógaíocht

Comórtas Camógaíochta TG4

Cé gur shéid gaoth láidir trasna Pháirc na Tulaí ar an Mháirt an 6/6/2000, níor tháinig aon deoir bhaistí óna scamaill dhorcha a bhagair sa spéir, agus scairt an ghrian anuas ar na cailíní óga a d'imir an chamógaíocht go spóirtiúil, croíúil ar pháirc na himeartha.

Ghlac cúig fhoireann páirt sa chéad Chomórtas Camógaíochta do bunscoileanna a bhí ariamh sa cheantar seo. Ba'é Corn TG4 an duais a bhí le fáil ag na buaiteoirí ag deire an lae.

B'iad Scoil Cholmcille, An Tulach; Scoil Mhuire , An Spidéal; Scoil Sailearna, An Cnoc; Gaelscoil Dara, An Rinn Mhór agus Gaelscoil Mhic Amhlaigh na foirne a ghlac páirt. D'imir chuile fhoireann ceithre chluiche agus ba iad an dá fhoireann leis an líon ba mhó poinntí a chuaigh ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais.

Bhí an-spiorad ins na foirne agus bhí an imirt glan díograiseach. Cé go raibh na foirne cothrom go maith, b'iad Scoil Cholmcille, An Tulach agus Gaelscoil Dara , a chuaigh ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais.

Ag leath ama bhí na foirne ar chomhscór le cúl an taobh agus cé go ndeachaigh Gaelscoil Dara ar an ionsaí go luath sa dara leath níor éirigh leo aon scór a aimsiú agus b'iad Scoil na Tulaí a fuair na scóranna.

Ag deire an chluiche bhí an bua ag an Tulach le 5-1 in aghaidh 1-0.

Ba é Pól Ó Gallchóir, Ceannaire TG4 a bhronn Corn TG4 ar chaiptaen Scoil na Tulaí - Deirdre Beaglach mar aon le boinn óir ar fhoireann Scoil na Tulaí agus boinn airgid ar fhoireann Ghaelscoil Dara. Mhol an t-Uasal Ó Gallchóir na cailíní, a gcuid múinteoirí agus a gcuid tuismitheoirí a chuir an ócáid iontach spóirtiúil seo ar siúl. Agus le cúnamh Dé tiocfaidh méadú ar an gcomórtas agus beidh cúpla foireann eile san iomaíocht an bhliain seo chugainn.

 

Scoil Cholmcille le Corn TG4Na Buaiteoirí - Scoil Cholmcille, An Tulach


Na Foirne eile a glac páirt sa Chomórtas:

Scoil Sailearna

Scoil Sailearna, An Cnoc

Gaelscoil Dara

 

Gaelscoil Dara, An Rinn Mhór

 

 

 

Foireann Camógaíochta-An Spidéal

 

Scoil Mhuire, An Spidéal

 

Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach

 

 

Abhaile!