Tá sé 6 bliana ó shoin ó cuireadh tús le comórtas Cispheile do Scoileanna an cheantair i Scoil Sailearna. Cuireadh an comórtas seo ar siúl chun comóradh a dhéanamh ar iar-dhalta den scoil a maraíodh go tragóideach i dtimpist bóthair i Samhraidh na bliana 1993. Corn Orla Ní Neachtain agus plaiceanna breátha a bhíonn le fáil ag buaiteoirí an chomórtais. Ar an 15/6/2000 bhuaigh cailíní na scoile seo an comórtas don chéad uair nuair a bhuail siad Scoil an Tuairín taréis breis ama a imirt.